Géag de chuid Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Cineál Eoghain (Sean-Ghaeilge Cenél nEógain). Eoghan mac Néill Naoighiallaigh ba ea a shinsear, mar a maíodh. Ar dtús, bhíodh siad lonnaithe in Inis Eoghain, agus a phríomhchathair ag Aileach i gContae Dhún na nGall an lae inniu. Faoi bhrú a ngaol, Cineál Chonaill, bhogadar de réir a chéile soir i gcontaetha Thír Eoghain agus Contae Dhoire isteach, ag brú na gCruithne soir thar an mBanna, agus ag briseadh isteach ar na hOirialla taobh thiar de Loch nEathach.

Faoin 11ú haois, bhí a n-ionad cumhachta bogtha as Aileach go dtí Tulach Óg lasmuigh den Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Faoin 12ú haois, bhí Inis Eoghain cloíte ag Cineál Chonaill. Ba chuma le Cineál Eoghain, ámh, óir go raibh ríocht chumhachtach bunaithe acu darbh ainm Tír Eoghain, ag a mhéad is mó ann Chuntar Thír Eoghain, chomh maith le codanna de chontaetha Dhoire, Dhún na nGall, Fhear Manach, Mhuineachán agus Ard Mhacha.

Seo a leanas liosta de phríomhchlanna Cineál Eoghain:

  • ██ clann Ghaelach

  • ██ clann Albach

Clann Néill cuir in eagar

Tá an sloinne Ó Néill fréamhaithe ó Niall Glúndub, ach tá Clann Néill ainmnithe as a sheanathair Niall Caille. Ba iad muintir Uí Néill agus Mhic Lachlainn, de shliocht an ghéaga seo, ina bpríomhchlanna Chineál Eoghain. Chloígh Uí Néill Mhic Lachlainn ámh sa bhliain 1241 ach tháinig Uí Néill ina n-aonar chun cinn sa Cineál.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Néill (Ruadh) Ruadh Ó Néill Tír Eoghain Deartháir Aodh Dubh Ó Néill, rí Uladh, ba ea Niall Ruadh, rí Thír Eoghain
Mac Lochlainn Loch-lann/tír (iarthar na hIorua) Inis Eoghain Príomhchlann Thír Chonaill, roinnt acu ó thús Uí Mhaoil Seachnaill, de shliocht Mhaoil Seachnaill II
Mac Barúin Sir Art MacBarron O'Neill Barún Contaetha Ard Mhacha agus Clann thábhacht Uí Néill
Mac Shuibhne Suibhne O'Neill Lách, dea-mhéineach Fánaid, Banagh Taoiseach Albach as ba ea Suibhne Uí Néill from Argyll. Meascán de Ghaeil Dhál Riada agus Lochlannaigh a tháinig go hUlaid mar ghallóglaigh.
Mac Seáin Oirthuaisceart Thír Eoghain, níos deireanaí Dún na nGall agus Lú Taoisigh oidhreachta Mhaigh Íotha. Bhí an chlann bheag Uí Amhsaigh as oirthuaisceart Doire ina chomhghuaillí Mhic Sheáin.
Ó Doibhilin Domailén Munterdevlin, bruach thiar Loch nEathach Claíomhaire oidhreachta Uí Néill ba ea taoiseach Munterdevlin
Mac Néill Contaetha Aontroma agus Dhoire Originate from the Scottish Clan MacNeil, who claim to descend from a Niall, 21st in descent from Niall of the Nine Hostages, founder of the Uí Néill dynasty. They came to Ireland as gallowglasses, and later as pirates
Mac Conmidhe (I) Cú-na-Mí Contaetha Thír Eoghain agus Dhoire Filí agus ollaimh oidhreachta Uí Néill
Mac Conmidhe (II) Contaetha Thír Eoghain agus Doire Deirtear nach bhfuil nasc ar bith idir na clanna Mhicc Conmidhe úd
Mac Giolla Easpaig Aeilabhra i mbarúntacht Uíbh Eachach, Contae an Dúin Down D'éirigh géag amháin ina erenaghs Chill Riáin agus Chill Charthaigh, i mbarúntachtaí Baollaigh agus Báinigh, Contae Dhún na nGall
Mac Íomhair Saighdeoir, as an Ioruais 'Ivarr'
Mac Laomuinn Dlíodóir; fréamhaithe ón Ioruais Lōgmaor Ladhmann mac Giolla Colum Tír Eoghain Some were also called MacErchar after Ladhman's grandfather Fearchar. The Mac Laomuinn ancestry allegedly traces them to Flaithbertach Ua Néill. The Lamonts adopted several "colour" names after they had been "broken" and forbidden to use their own name, including Brown and Black.
Mac Eoghain Bhí go leor acu ó dhúchas Ó Ceothain nó Ó hEoghain, seachas Mac Eoghain

Clann Aodha Bhuí cuir in eagar

Géag de Clann Néill í Clann Aodha Bhuí, agus Aodh Méith Ó Néill, rí Thír Eoghain ón mbliain 1196 go dtí 1230, a sinsear. Niall Rua ba ea dheartháir Aodha Mhéithe, rí Thír Eoghain agus rí Uladh le mí amháin tar éis bhás a dhearthár.

Ainmníodh an chlann as Aodh Buí Ó Néill (1260–83), garmhac Aodha Mhéithe, agus an rí deireanach ar a glaodh rí Ailigh air. Aodh Buí was most notable for his close co-operation le hIarlacht na nUladh. Níos deireanaí, tháinig Clann Aodha Bhuí chun cinn in oirthear na nUladh, tar éis titim na hIarlachta de bharr ionradh Edward Bruce. Bhí Henry Ó Néill den teaghlach seo ina rí Uladh ón mbliain 1325 go dtí 1344, agus Art Ó Néill ó 1509 go 1514.[1]

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Néill Aodh Buí Ó Néill, Niall Glúndubh
Ó Gnímh Filí Chlann Aodha Bhuí. Meastar gur lonnaigh an chlann in Albain sa chúigiú haois, agus gur tháinig suas ar ais i dteannta leis na gallóglaigh MacDonald.

Clann Domhnaill cuir in eagar

Dún na nGall ba ea áit dúchais Chlann Domhnaill, ach bhogadar níos deireanaí soir i dTír Eoghain isteach. Meastar gurbh é a sinsear é Domnall mac Aodha Fhionnliath and Gormlaith Rapach ní Mhuireadhaigh mhic Eochadha, rí Uladh.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Donnghaile Donnghaile Ó Néill Donn-laochas Droim Lighean, Dún na nGall, níos deireanaí Baile-Ua-nDonnghail, Tír Eoghain Marshall airm Uí Néill ba ea a dtaoiseach oidhreachta
Ó Flaithbheartaigh Flaithbheartach mac Murchadha Aileach, níos deireanaí Ard Sratha, Tír Eoghain Formerly Lords of Aileach and later rotated the Kingship of Tyrone with the O'Neills and MacLaughlins

Clann Bhirn cuir in eagar

De shliocht í Clann Bhirn de Bhearn mac Ruaidhrí mhic Mhurchadha mhic Mhaoil Dúin mhic Aodha Alláin. Bhí an chlann lonnaithe i Muintir Bhirn (Dún Geanainn Íochtarach) agus ' Teallach Ainbhith (An Srath Bán Íochtarach).

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Mac Ruaidhrí Rua-rí Teallach Ainbhith agus Muintir Bhirn; agus Baile na Scríne, Doire
Mac Murchadha Muir-cath/gascíoch Muintir Bhirn Taoisigh Shiol Aodha. Chuir Uí Néill an ruaig orthu agus lonnaigh siad sna hardchríocha i ndeisceart Ard Mhacha faoi Uí Néill na Feadha
Ó Firghil Fear-gal/laochas Dún na nGall, agus níos lú Tír Eoghain agus Doire Abbaí oidhreachta Cill Mhic Réanáin, Dún na nGall.

Cineál Fhearghasa cuir in eagar

Fearghas mac Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh ba ea sinsear Chineál Fhearghasa (Cenél Feargusa). Tugtar an t-ainm Cineál Chaolbhaidh (Cenél Coelbad) orthu uaireanta, trína mac, Chaolbhadh. Bhí cónaí orthu i nInis Eoghain, ach chuaigh siad i ndiaidh Chineál Bhinnigh chuig Tulach Óg, áit a d'éirigh siad ina dtiarnaí Thír Eoghain.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó hÁgáin Ógán mac Caolbhaidh Óg Inis Eoghain ó dhúchas, ansin Tulach Óg Litrithe Ó hÓgáin ar dtús. Ceart oidhreachta insealbhóra Uí Néill mar rí Uladh, chomh maith le breithimh oidhreachta Uí Néill
Ó Coinne Coínne mac Coelbad Comhairle Inis Eoghain ó dhúchas, anseo Tír Eoghain Máistrí ceathrún Uí Néill
Ó Maelfabhail Mael Fabaill mac Coelbad Carrickbraghy in iardheisceart Inis Eoghain, níos deireanaí Doire agus Tír Eoghain Clann dheireanach Cineál Eoghain ina n-air dhúchais i nInis Eoghain, clóite ag Uí Dhochartaigh
Ó Mealláin Aodh mac Fearghasa (Aedh mac Fergusa) Meallacach, Meallanacht, Sliabh gCallann Chomh-ghlacadóirí Chloigín Naomh Pádraig
Ó Bruadair Bruadar, taibhreamh Dún na nGall
Ó Cearnaigh Cearnach, buach, cathréimeach Erenagh Chill Leacht Aodha
Ó Robhartaigh Rabharta Dún na nGall Clann eaglasta a bhí ina chomh abbaí Naomh Colm Cille ar Thoraigh
Ó Doirighe (Ó Daire) Doire Ráth Bhoth Erenagh Ráth Bhoth

Cineál Bhinnigh cuir in eagar

Eochaidh Binneach mac Eoghain ba ea sinsear Chineál Bhinnigh (Cenél mBinnigh). An chéad chlann Chineál Eoghain ba ea iad a ndeachaigh as Inis Eoghain, ag dul thar fhrithbheartaíocht na gCiannacht (tuaisceart Dhoire) agus in iarthar Oiriall isteach, ag cur á dhéanamh an ruaig ar roinnt clanna na nOiriall (Uí Thoirtre agus Fir Lí) go dtí taobh oirthear na Banna.

Tá na cineáil a leanas síolraithe ó Chineál Bhinnigh:

  • Cenél mBinnig Glinne, in Glenconkeine, Loch Inse Uí Fhloinn
  • Cenél mBindigh Locha Droichid soir ó Mhaigh Íotha i dTír Eoghain
  • Cenél mBindigh Tuaithe Rois soir ón Feabhal
Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó hÁghmaill Eocha Binneach m. Eoghain m. Néill Naoighiallaigh Ádhmall, ullamh, tapa, gníomhach[2] Deisceart Thír Eoghain agus Ard Mhacha[3][4] Throid Giolla Criost Ó hAdhmaill[5] le rí deireanach na nUladh, Ruaidhrí Mac Duinnshléibhe, in éadan John de Courcy sa bhliain 1177. Sa 14ú haois, bhí Ruarcán Ó hÁdhmaill, ina phríomh-f fhile Uí Anluain.[6][7]

Cineál Mhaoin cuir in eagar

Maon mac Murchadha mhic Eoghain ba ea sinsear Chineál Mhaoin (Cenél Maín). Sa 14ú haois, cuireadh an ruaig ar an gclann seo trasna an Fheabhail ag muintir Uí Dhomhnaill go dtí an Srath Bán.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Goirmleadhaigh Gairm-valourous Ráth Bhoth, níos deireanaí oirthear an tSratha Bháin Taoisigh oidhreachta Chineál Mhaoin
Ó Peatáin Pádraig-ín Bealach Féich
Ó Lúinigh/O Lainidh Lann, ga, claíomh Ráth Bhoth, ansin ann Srath Bán, níos deireanaí Inis Mór, Fear Manach Lianna agus staraí oidhreachta. Ard Uí Luinín ar Inis Mór
Mac an Fhailí
Mac Duinechaidh Donn-cath/curadh Tír Eoghain agus Doire
Ó Croidheáin Croí Dún na nGall
Ó Tighearnaigh Tiarna Dún na nGall
Ó Ceallaigh Dún na nGall
Ó Cearnacháin Buach-ín Dún na nGall
Mac Gairbhith Garbh Dún na nGall
Mac Giolla Uidhir Naomh Odhar Ráth Bhoth, oirthear an tSratha Bháin, agus fós An Ómaigh

Cineál Fhearadhaigh cuir in eagar

Fearadhach mac Muireadhaigh ó Eoghain ba ea sinsear Chineál Fhearadhaigh (Cenél Feradaig), agus faoin 12ú haois, bhí cuid mhór de Thír Eoghain faoina smacht, agus bhí a dtionchar go domhain i bhFear Manach isteach. Faoi lár na 14ú haoise, bhí a gcuid cumhachta i bhFear Manach briste ag clann Mhic Uidhir.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Mhic Cathmhaoil Cath-maol/taoiseach Clochar, Tír Eoghain Príomhchlann Cineál Fhearadhaigh, ar cheann de sheacht chlann ag tacú Uí Néill. Donnchadh Mac Cathmaíl an chéad duine a bhfuil tagairt air, a fuair bás sa bhliain 1180.
Mac Giolla Mhártain Martin Clochar, Tír Eoghain
Ó Brolcháin Brollach[8] Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain This was a prolific and adventurous sept, where a branch of the family, the O'Brologhans, became established in the Western Highlands of Scotland via their connections with the monastery on Iona thanks to the prior of Derry, Domhnall Ua Brolcháin, who was its abbot. The Co. Cork Bradleys descend from this sept, and some Brollaghans in Co. Cavan assumed the Norman name Brabazon.
Ó Fearadhaigh Fear-fiodh/adhmad > Fer-fedach (fear-feadha/feá) Dún na nGall
Mac Mártain Tír Eoghain Ní hionann an géag seo agus Mhic Giolla Mhártain
Mac Fhiachra Fiachra Tír Eoghain
Maolgeimridh Maol Naomh Eimridth nó Geimridh[9] Oirthear Thír Eoghain Dar le O'Hart Pedigrees, bhí dhá cheantar i seilbh acu in oirthear Fhear Manach
Maolpadraig Oirthear Thír Eoghain
Mag Uidhrín Uidhrín Ó Maoil-Muire Odhar/donn Clochar, Tír Eoghain Seansloinne Ultach. Go luath sa 12ú haois, bhí Uidhrín Ó Maoil-Muire (bás 1082), Eachmarcach mac Uidhrín (bás 1120) agus Giolla-Chríost Ó hUidhrín (bás 1129), ina dtaoiseach Chineál Fhearadhaigh. Sa 16ú haois, ní bhfuarthas an t-ainm ach i gContae an Dúin.

Cineál Tiarnaigh cuir in eagar

Tiarnach mac Muireadhaigh ó Eoghain ba ea sinsear Chineál Tiarnaigh (Cenél Tigernaig), go go ndeirtear i Leabhar Bhaile an Mhóta gur mac Eoghain é.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Maoilfothartaigh Tír Eoghain
Ó hEodhusa Tír Eoghain
Ó Connagain Iarthar Dhoire, oirthear Dhún na nGall, Tír Eoghain.

Cineál Mhic Earca cuir in eagar

Muircheadhach ó Eógain, aitheanta fosta mar Mhuircheadhach Mac Earca as a mháthair, ba ea sinsear Chineál Mhic Earca (Cenél Mac Earca). Nuair a mharaigh fir Cineál Fhearadhaigh Máel Fithrich mac Áeda Uaridnaigh, b'éigean dóibh lonnú i gClochar, Tír Eoghain.

Clann Conchúir Magh Ithe cuir in eagar

As Maigh Íotha a tháinig Clann Chonchúir Mhaigh Ithe, ó dhúchas sular bhog siad chuig Doire, agus iad i ceannas Tuath Uí Chatháin ann. Síolraithe a bhí siad ó Chonchúir mac Fergaile, é féin de shliocht Mhuircheartaigh Mhic Earca, bunaitheoir Cineál Mhic Earca.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Cathaín Tuath Uí Chatháin, barúntacht Cianacht
Ó Dubhthaigh Naomh Dubhttach Dubh-té Ráth Bhoth Erenagh of Templecrone in the diocese of Raphoe for 800 years, being kinsmen of the patron of the church, St Dubhthach
Ó Maoláin Maol, tonsured Cianacht, Contae Dhoire
Mac Bloscaidh Bloscaidh Ó Catháin

Clann Diarmada cuir in eagar

Tá Clann Dhiarmada síolraithe ó Chlann Chonchúir Mhaigh Íotha. Deirtear go bhfuil Clann Diarmada i gContae Dhoire ainmnithe asti.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Cairealláin Erenagh Chluain Lao, barúntacht Ráth Bhoth. Clann Diarmada, tuath Uí Chatháin
Mac Eiteagáin Crón Clann Diarmada

Uí Chatháin an Rúta cuir in eagar

Géag de chlann Uí Chatháin a lonnaigh in oirthuaisceart Doire agus iarthuaisceart Aontroma ba ea Uí Chatháin "an Rúta". Bhíodh siad in iomaíocht le Mhic Quillan, a bhí i seilbh ann rompu. Briseadh cumhacht Mhic Quillan agus laghdaíodh Uí Chatháin, agus tháinig clann Mhic Dhomhnaill chun cinn dá bharr.

Tá an dá chlann Albacha, Both Chanain agus Mac Ausaláin, síolraithe ó Ausalan Buoy O'Kayn, de shliocht Uí Chatháin an Rúta a deirtear.

Cineál Aonghasa cuir in eagar

Níl ach tagairt amháin sna annála ar Chineál Aonghasa (Cenél Áengusa) a bheith mar bhall de Chineál Eoghain, agus tagairt eile i Leabhar Mór Leacáin.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Mac Cana nó Mac Annadh Coileán mhac tíre Aileach, ansin Cluain Bhreasail, Ard Mhacha

Clanna eile cuir in eagar

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Branagáin Bran Raven Oriel Made their way into counties Armagh, Monaghan, and Louth in the sixteenth and seventeenth centuries.
Ó Branáin Bran Raven Counties Monaghan and Fermanagh Thought to be a contraction of Ó Branagáin. Unrelated to the Ó Braonáin and Mac Branáin septs outside of Ulster.
Ó Corragáin Coirdhecán Dromore, Tyrone then migrated early to Fermanagh becoming erenaghs of Magheraveely Said to be of the same stock as the Maguires, however are thought to descend from the Cenél nEóghain

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Robert Bell (1988) . "The Book of Ulster Surnames", The Black Staff Press

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar