Ciseal sa bhfarraige a fhrithchaitheann fuaim is ea an ciseal domhain scaipthe. Fuarthas i rith an dara cogadh domhanda gur scaipeadh comharthaí sonóra ag ciseal a ghluaiseadh síos is suas san uisce. Níos déanaí fuarthas gur tharla sé seo mar thoradh ar orgánaigh sa cholún uisce. Tagann boilg snámha iasc go mór san áireamh sa bhfeiniméan, ach cuidíonn gach saghas éisc is fiú ainmhithe micreascópacha cosúil le zóplanctóin. Braitear go mbíonn imirce cheartingearach faoin gciseal, ag dul go dtí leibhéil níos doimhne i rith an lae agus níos gaire don dromchla i rith na hoíche.[1]

Frithchaitheamh fuaime de bhoilg snámha (sa phictiúr) na n-iasc mheisipeiligeach is cúis leis an bhfeiniméan ar a dtugtar ciseal domhain scaipthe.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciseal domhain scaipthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.