Is éard is citseap ann ná tarsann milis searbh a dhéantar as trátaí, finéagar, siúcra (nó síoróip arbhair atá an-saibhir i bhfruchtós) agus spíosraí éagsúla ar nós oinniúin, ilspíosra, clóibh, cainéal, gairleog agus soilire. Is minic a chuirtear citseap le sceallóga prátaí, martbhorgairí agus greim gasta eile. Is féidir citseap a úsáid mar amhábhar d'anlainn eile. San Astráil agus sa Nua-Shéalainn is gnách na pióga feola a ithe le citseap.

Bosca Sonraí BiaCitseap
Sonraí
Cineálanlann trátaí, anlann agus blastán
Príomh-chomhábhairtráta, siúcra, salann, gairleog, oinniún agus fínéagar

Is deacair a rá céard is bunús leis an bhfocal sin citseapketchup, ach dealraíonn sé gur focal Sínise é a fuair an Béarla ar iasacht tríd an Malaeis. Níorbh ionann an citseap ar tháinig na Sasanaigh air sna stáit Mhalaecha san ochtú haois déag. Anlann éisc é an "citseap" Síneach, agus anlann soighe é citseap na Malaech.

Chuaigh an citseap Malaech chun leitheadúlachta sa Bhreatain Mhór agus sna coilíneachtaí go géar gasta i rith na hochtú haoise déag, ach níor tháinig an citseap trátaí, mar is aithin dúinn é inniu, ar an bhfód ach i dtús na naoú haoise déag, sna Stáit Aontaithe. Sandy Addison a bhí ar an gcéad duine a cheap an t-oideas do chitseap trátaí sa bhliain 1801, agus tháinig an t-oideas sin i gcló ar an leabhar cócaireachta úd Sugar House Book. Ina dhiaidh sin, chuaigh oidis don chitseap trátaí i gcló i leabhair chócaireachta eile i Meiriceá, go háirithe ar an Virginia Housewife le Mary Randolph, leabhar a raibh an-tionchar aige ar nósanna cócaireachta sna Stáit.

D'éirigh an citseap trátaí coitianta sna Stáit Aontaithe i rith na naoú haoise déag. Jonas Yerks (nó Yerkes) a bhí ar an gcéad duine a chuir tús le déantús an chitsip ar scála tionsclaíoch náisiúnta, sa bhliain 1837. Tháinig na comhlachtaí eile sna sála ag Yerkes, agus sa bhliain 1876 a chualathas an chéad iomrá ar chitseap Heinz.

Naisc sheachtracha cuir in eagar