Is é Clár Erasmus an clár atá ag an Aontas Eorpach chun tacú leis an oideachas tríú leibhéal, an oiliúint, an óige agus an spórt, go háirithe, san Eoraip[1]. Bhí buiséad €16.4 billiún ag an gclár sa ó 2014 go dtí 2020.[2] Leis an maoiniú sin, tabharfar caoi ná milliún Eorpach dul thar lear, ag déanamh staidéir nó ag obair srl.

Tá deiseanna ann d’oibrithe deonacha, oiliúnaithe gairmoideachais, agus foghlaimeoirí fásta beag beann ar an aois atá acu, agus do go leor leor eile.[3]

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an clár ar 13 Meitheamh 1987 agus thosaigh mic léinn ag staidéar in ollscoil thar lear mar chuid de chlár Erasmus an AE.

Ó 1987 go dtí 2017, bhí 9 milliún duine tar éis páirt a ghlacadh i malartú ar an gcoigríoch, ó gach cearn den Eoraip.

Tréithe cuir in eagar

Ní do mhic léinn amháin a chuireann clár "Erasmus+" deiseanna ar fáil. Is cumasc é de sheacht gclár a bhíodh ann cheana, agus tá deiseanna ann do raon leathan daoine aonair agus eagraíochtaí.

  • Tá deiseanna ar fáil faoi Erasmus+ do réimse leathan eagraíochtaí, ina measc ollscoileanna, soláthraithe oideachais agus oiliúna, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí príobháideacha.
  • Daoine aonair. Tá deiseanna ar fáil do dhaoine de gach aois faoi Erasmus+, deiseanna a chuideoidh leo eolas agus taithí a shealbhú agus a roinnt le chéile in institiúidí agus in eagraíochtaí i dtíortha difriúla.

Scéim bhreá Erasmus a thugann deis do mhic léinn na hEorpa an méid nach ndéanfadh siad sa bhaile a dhéanamh abhus, agus a athrach sin timpeall.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. EAC A3 (2016-01-19). "Céard é Erasmus+?" (en). Erasmus+ - European Commission. Dáta rochtana: 2020-06-13.
  2. EAC A3 (2016-10-07). "What is the budget?" (en). Erasmus+ - European Commission. Dáta rochtana: 2020-06-13.
  3. EAC A3 (2017-01-27). "Príomhscéal: Clár do chách" (en). Erasmus+ - European Commission. Dáta rochtana: 2020-06-13.
  4. Alan Titley. "Cad é a rinne an tAontas Eorpach dúinn riamh?" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-13.