Clíona Ní Chiosáin

ban-aisteoir, múinteoir, agus láithreoir teilifíse Éireannach

Is í Clíona Ní Chiosáin réalta an chláir Aifric, clár teilifíse atá dírithe ar dhaoine óga a chraoltar ar an stáisiún lán-Ghaeilge TG4. Taobh amuigh den aisteoireacht, cuireann sí seó raidió seachtainiúil le hainm Speig Neanta i láthair ar Raidió na Life, craoltóir lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

Infotaula de personaClíona Ní Chiosáin
Beathaisnéis
Breith1990
33/34 bliana d'aois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, láithreoir teilifíse, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2457773 Cuir in eagar ar Wikidata

As Leamhcán i gContae Átha Cliath di, is é Aifric an chéad phost aisteoireachta a ghlac sí riamh. Is Gaeilgeoirí iad a thuismitheoirí - a hathair Éamon Ó Ciosáin atá ina léachtóir le Fraincis in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus a máthair Anne Gallagher atá ina stiúrthóir ar an teanglann san áit chéanna. As Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall di ó dhúchas. Tá deirfiúr amháin níos óige aici, Bebhinn.

Sa bhliain 2008, ainmníodh Clíona sa chatagóir Banaisteoir Is Fearr i bPríomhpháirt i gClár Teilifíse/Scannán.

Sa bhliain 2020, mhúin "múinteoir Clíona" ar Home School Hub.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar