San ailtireacht, is éard is clabhstra ann ná bealach siúil cumhdaithe timpeall ar spás oscailte nó cúirt, le colúnáidstuabhealach mar thaobh inmheánach is balla soladach mar thaobh seachtrach. De ghnáth is i gclochair nó mainistreacha a fhaightear a leithéid, mar cheangal idir eaglais is codanna eile an fhoirgnimh. Go minic bíonn sé ag dul ó dheas ó chorp na heaglaise is siar ón gcroslann.[1]

Clabhstra

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Clabhstra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 141.