Ba choimeádaithe dorais don mhainistir in Í Chaluim Chille iad Clann-an-oistir . Tháinig an t-ainm seo ó fhocal Laidine, ostuarii i. coimeádaithe dorais.

De réir an traidisiúin, tháinig a shinsir ann le Colm Cille féin ó Éirinn. Mar gheall ar mhallacht dá chuid, ní bhíodh ach cúigear dá muintir beo ag an am céanna. Nuair a bheirtí leanbh, chailltí duine den chúigear eile. Cailleadh an bean deireanach dá sliocht timpeall lár an 18ú céad in Í Chaluim Chille.