Clann na Talmhan

páirtí polaitíochta Éireannach

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Clann na Talmhan.

Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1938 i mBaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. An phríomhaidhm a bhí ag an bpáirtí ná go mbeadh guth ag feirmeoirí na tíre sa Dáil. Aidhmeanna eile a bhí ag an bpáirtí ná obair ar leas na feirmeoirí beaga, tacaíocht rialtais a fháil don mhintíreachas, ísliú cánach ar thalamh curaíochta agus níos mó coillteoireachta. Ba é Michael Donnellan an chéad ceannaire den pháirtí.

Toghadh 14 Teachta Dála don pháirtí in olltoghchán na bliana 1943 ach ní bhfuair siad ach 11 suíochán sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1944. D'éirigh Donnellan as mar cheannaire agus tháinig Joseph Blowick mar chomharba air. Ní bhfuair an páirtí ach 7 suíochán in olltoghchán 1948 ach bhí Clann na Talmhan páirteach den chomhrialtas a cruthaíodh tar éis an olltoghcháin. Ceapadh Blowick mar Aire na dTailte agus ceapadh Donnellan mar Rúnaí Parlaiminteach. Mhair an rialtas go dtí an bhliain 1951. Bhí na postanna céanna ag an mbeirt sa dara rialtas idirpháirtí idir 1954 agus 1957.

Mheath an páirtí tar éis bheith mar chuid den rialtas agus ní raibh ach Blowick agus Donnellan tofa in olltoghchán 1961. Tar éis báis Donnellan sa bhliain 1964, toghadh a mhac mar Theachta Dála d'Fhine Gael san fhothoghchán. Níor sheas Blowick in olltoghchán 1965 agus b'shin deireadh an pháirtí.

Bhí dearcadh réigiúnach ag an bpáirtí i gcónaí. Níor éirigh leis an bpáirtí forleathnú taobh amuigh den iarrthar nó den deisceart.

Tagairtí cuir in eagar