Is é is claonbholscaire (Béarla: spin doctor) ann ná duine atá fostaithe ag polaiteoir, comhlacht nó cumann áirithe le heolas claonta a scaipeadh ar mhaith lena fhostóir. Is féidir a rá go bhfuil sé de thasc ag an gclaonbholscaire a chasadh féin a bhaint as an eolas leis an gcuma is maith lena fhostóir a fhágáil air.

Is é an difríocht idir caidreamh poiblí den ghnáthchineál agus claonbholscaireacht ná go bhfuil an claonbholscaire d'aonturas ag iarraidh fíricí a choinneáil faoi cheilt nó an fhírinne a chur as a riocht. Ar ndóigh, ní bhíonn an difríocht soiléir, agus is minic a bhíonn na polaiteoirí ag cur claonbholscaireachta i leith a chéile.

Seo roinnt dóigheanna le claonbholscaireacht a dhéanamh:

  • "Piocaireacht silíní" nó roghnachas i leith na bhfíricí - ní luaitear ach na fíricí atá ag fabhrú don fhostóir.
  • Séanadh nach séanann: is é sin, má chuirtear ceist mhíchompordach ar an bpolaiteoir nó ar bhoc mór eile, tabharfaidh sé freagra a bhfuil cuma an tséanta air, ach nuair a dhéanfar dianstaidéar ar an bhfreagra sin, tabharfar faoi deara go bhfuil gach sórt coinníollacha curtha leis an séanadh sin, ionas nach bhfuil sé ina fhíorshéanadh i ndiaidh an iomláin.
  • Moilliú an drochscéala. Ní scaoilfear leis an drochscéala ach faoi scáth mórnuacht éigin. Nuair a rinne na sceimhlitheoirí Ioslamacha a n-ionsaí ar Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001, scríobh Jo Moore, preasoifigeach de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe: Is maith an lá é le scaoileadh le gach sórt drochscéala is fearr linn a choinneáil faoi cheilt - is é sin, theastaigh uaithi drochscéalta a nochtadh ar an lá sin thar aon lá eile, le súil is nach gcuirfeadh aon duine sonrú iontu, agus na meáin chumarsáide ag spalpadh leo faoin Dá Thúr.