Clare Daly

polaiteoir Éireannach

Is Feisire i bParlaimint na hEorpa do Bhaile Átha Cliath í Clare Daly (Gaeilge: Clár Ní Dhálaigh) (a rugadh sa bhliain 1968). D'fhás sí aníos sa Droichead Nua, Contae Chill Dara.

Infotaula de personaClare Daly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Aibreán 1968
55 bliana d'aois
Droichead Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

2 Iúil 2019 –
Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa


Teachta Dála
10 Márta 2016 – 28 Meitheamh 2019 (elected to the European Parliament (en) Aistrigh)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


Teachta Dála
31 Lúnasa 2012 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 31 Lúnasa 2012 (an páirtí a fhágáil)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí síochána, bolscaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaIndependents 4 Change (2016–)
Aontaithe an Chlé (2013–2015)
Páirtí Sóisialach (1996–2012)
Páirtí an Lucht Oibre (–1989) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinclaredaly.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ClareDalyMEP Cuir in eagar ar Wikidata

Bhíodh sí ina ball den Pháirtí Sóisialach ach d'éirigh sí as ar an 31 Lúnasa, 2012.[1] Bhíodh sí mar chomhairleoir áitiúil i bhFine Gall do cheantar Sord.

Tá sí ar son ceart a bheith ann chun ginmhillte.

Gabhadh í go luath sa bhliain 2013 nuair a cuireadh ina leith go raibh sí ag tiomáint faoi thionchar an óil. Scaoileadh saor níos déanaí í, agus fógraíodh go raibh an leibhéal alcóil ina cuid fola níos ísle ná an teorainn dhleathach. De bharr gur sceitheadh an scéal chuig na meáin agus gur cuireadh dornaisc uirthi rinne sí gearán le hOmbudsman na nGardaí ina thaobh, dar léi bhíothas tar éis bheith níos déine uirthi toisc gur scaoil sí féin scéal faoi ghardaí a bhí ag baint pointí píonóis ó cheadúnais tiomána.

Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 15.7% de na vótaí céad rogha sa toghcheantar Baile Átha Cliath Theas.

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar