Clog

gléas é chun an t-am a léiriú

Is gléas é clog chun an t-am a léiriú, a thomhais agus a choimeád. Fadó theastaigh ó dhaoine fios a bheith acu faoi am an lae chomh maith le ham na bliana. Is gléas ársa é an clog óir tá siad á ndearadh agus á dtógáil ag daoine ón gcianaois.

Clog domhanda
in Alexanderplatz
i mBeirlín, An Ghearmáin
Clog le uimhreacha Rómhánacha ar a aghaidh

Stair cuir in eagar

Thóg daoine cloig a bhain feidhm as solas na gréine, uisce agus gaineamh chun an t-am a insint.[1] Mar shampla, deir daoine gurbh fhéilirí iad Brú na Bóinne i gCo. Na Mí agus Stonehenge i Sasana. Tá na háiteanna sin na mílte bliain d’aois. Sna cloig luatha a bhí acu chruthaigh an ghrian scáthanna chun an t-am a thaispeáint.

Ba chloig uisce iad na chéad chloig aláraim. Fadó, bhuail na cloig uisce cloigín chun manaigh a dhúiseacht chun a gcuid paidreacha a rá.

Ina dhiaidh sin arís, bhí orláistí ann a raibh gaineamh iontu.

Inniu cuir in eagar

Sa lá atá inniu tá córais ann chun an t-am a insint a ritheann ar ríomhairí agus ar innill. s é an clog adamhach i Londain an clog is cruinne ar domhan. Tá sé chomh cruinn sin go gcaillfi dh sé níos lú ná soicind amháin i 138 milliún bliain nó go rachaidh sé níos lú ná soicind amháin chun tosaigh san am sin.

 
orláiste

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. COGG (29 Feabhra 2012). "Eureka". Dáta rochtana: 29 Feabhra 2020.