Is láithreán seandálaíochta é Cnóbha, atá suite i gContae na Mí, Poblacht na hÉireann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cnóbha
Íomhá
Sonraí
CineálTuama pasáiste
Cuid deBrú na Bóinne
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na Mí, Éire
Map
 53°42′06″N 6°29′30″W / 53.7017°N 6.4917°W / 53.7017; -6.4917
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir409

Is éard atá i gCnóbha dumha mór amháin, ina bhfuil dhá thuama pasáiste, agus ocht ndumha dhéag ar mhéid níos lú thart air. Tugtar Láithreán 1 ar an gceann is mó de na dumhaí. Clúdaíonn an séadchomhartha taibhseach seo thart ar leath-heicteár (tuairim is 1.5 acra) agus tá sé 95m ar trastomhas ar an bpointe is leithne ann. Tá clocha neamhghnácha socraithe thart ar na bealaí isteach chuig na tuamaí, amhail grianchlocha, clocha eibhir agus clocha bandáilte. Tá tuamaí ar mhéid níos lú, a bhfuil roinnt díobh nasctha leis an tuama mór, thart ar an dumha mór.

Na tuamaí cuir in eagar

Tá dhá thuama pasáiste ar leithligh laistigh den dumha is mó, ceann amháin a bhfuil bealach isteach air agus aghaidh soir air, a bheag nó a mhór, agus tá aghaidh siar ar an gceann eile, a bheag nó a mhór. Níl na tuamaí nasctha le chéile cé nach bhfuil ach achar 3m idir cúl an tuama thoir agus cúl an tuama thiar.

An tuama thoir cuir in eagar

Is éard atá sa tuama thoir ag Cnóbha pasáiste fada as a dtéitear isteach i seomra ina bhfuil trí chuasán agus díon ar chruth coirceoige a tógadh trí choirbéaladh a dhéanamh. Tá an pasáiste breis is 40m ar fad agus tá leac mhullaigh dhíon an tseomra 6m os cionn an urláir.  Tá miasliag i ngach ceann de na trí chuasán, ina gcoinnítí iarsmaí na marbh.

An tuama thiar cuir in eagar

Bheadh an tuama thiar breis is 34m ar fad ina iomláine i dtosach báire. Lúbann an pasáiste cúng atá ann ar dheis tar éis do dhuine dul thart faoi thrí cheathrú den bhealach isteach sa tuama. Díreach tar éis na lúibe, tá cloch saile agus ina dhiaidh sin, téann leithead an phasáiste i gcúinge go dtí nach bhfuil fágtha idir na ballaí ach 40cm. Téann an pasáiste i leithead arís agus ar deireadh, déanann sé seomra ar chruth dronuilleoige a bhfuil airde thart ar 2m ann agus a bhfuil liag ollmhór 2m ar fad ina dhíon air.  Is i limistéar an tseomra i dtosach báire a bheadh an mhiasliag atá ina luí sa phásáiste anois.


Na tuamaí ar mhéid níos lú cuir in eagar

De bharr na dtochailtí, nochtadh plean agus cruth fhormhór na dtuamaí agus tá go leor díobh atógtha ina n-iomláine.


Tar éis lucht tógála na dTuamaí Pasáiste cuir in eagar

Ag Cnóbha, faoi mar atá amhlaidh ag Sí an Bhrú, tháinig dhá ré eile de ghníomhaíocht a bhain le deasghnátha beagnach díreach tar éis na tréimhse inar tógadh na tuamaí pasáiste. Is eol dúinn gur tháinig athrú ar na gnásanna toisc go bhfuarthas cineálacha nua difriúla de photaireacht agus d’uirlisí chomh maith le cineálacha difriúla struchtúr.

Ar aghaidh an tuama thoir ag Cnóbha, fuair seandálaithe fianaise ar shéadchomhartha ciorclach d’adhmad a thóg daoine a d’úsáid potaireacht na nEarraí Eitrithe (tuairim is 2,500 RCh). Bhí an struchtúr adhmaid seo thart ar 9m ar trastomhas agus b’fhéidir go raibh díon ar an gcuid lárnach de.


Tá fianaise ann go raibh daoine ina gcónaí ag Cnóbha thart faoin tréimhse timpeall 2,300 RCh agus go mbídís ag úsáid potaireacht Eascra. Fuarthas duine a adhlacadh agus pota Eascra leagtha leis i gceann de na tuamaí pasáiste a bhí ann níos luaithe (Láithreán 15).

Tar éis na Tréimhse Eascra, níl aon rian ar fhianaise ar aon ghníomhaíocht a bhain le deasghnátha ar an láithreán ar feadh beagnach 2000 bliain. Sna chéad chéadta bliain AD, thosaigh daoine ar ghaolta leo a bhí básaithe a fhágáil ag Cnóbha arís ach is amhlaidh gur adhlacadh iad an tráth sin seachas iad a chréamadh. Fuair seandálaithe cúig uaigh is tríocha, agus is cnámha ban a bhí i gcuid mhaith díobh.

Dhá nó trí chéad bliain ina dhiaidh sin, go luath i ré na Críostaíochta, athraíodh dumha mór Chóbha go mór go ndearnadh láithreán cosanta ollmhór de. Tochlaíodh dhá dhíog ollmhóra, ceann ag bun an dumha, an ceann eile gar don bharr. Leanadh ar aghaidh leis an láithreán a úsáid mar shuíomh cosanta síos chomh fada leis na Meánaoiseanna.

Chun ár mbileog eolais faoi Dhíoga i Ré na Críostaíochta Luaithe, breathnaigh ar rannóg na nAcmhainní oideachais.

Idir an t-ochtú céad agus an dóú céad déag, lonnaíodh sráidbhaile sách mór ar an dumha mór agus thart air. Tá go leor déantúsán sofaisticiúil éagsúil aimsithe ag seandálaithe a rinneadh le linn na tréimhse sin chomh maith le fianaise go raibh tithe agus souterrains (tolláin faoi thalamh) ann a úsáideadh már áis stórála nó le dul i bhfolach iontu agus éalú tríothu.

I dtréimhse na Normannach, tháinig dumha Chnóbha agus na tailte thart timpeall air chun bheith ina gcuid de na heastáit a bhain le Mainistreach mhór na gCistéirseach ag Mellifont.

Thosaigh an tOllamh George Eogan ar an láithreán a thochailt i 1962 agus leanadh den obair sin le breis is daichead bliain. Measann na saineolaithe, agus an ceart ar fad acu, go bhfuil Cnóbha ar cheann de na séadchomharthaí réamhstairiúla is iontaí ar domhan.


Féach freisin cuir in eagar


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar