Cnoc Ninnidh

barúntacht i gContae Fhear Manach

Is barúntacht i gContae Fhear Manach i gCúige Uladh é Cnoc Ninnidh.[1][2] I gContae Fhear Manach, ar a thaobh thoir tá Loch Éirne Uachtarach, agus tá ceithre bharúntacht eile taobh leis, mar atá: Clann Amhlaoibh siar ó thuaidh; Tír Cheannada ó thuaidh; An Machaire Steafánach ar an taobh thoir thuaidh; agus An Chúil ar an taobh thoir. I gContae an Chabháin, tá dhá bharúntacht, Lucht Tí Íochtarach ar a thaobh ó dheas; agus Teallach Eathach ar a thaobh thiar theas.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCnoc Ninnidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°10′58″N 7°33′55″W / 54.18277°N 7.56525°W / 54.18277; -7.56525
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Fhear Manach Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie58918

Stair cuir in eagar

Creidtear gur ó Naomh Ninnidh, naomh ón 6ú haois, a fhaigheann Cnoc Ninnidh a ainm. Tá Naomh Ninnid liostaithe mar cheann de "dhá aspal déag na hÉireann", agus cuireadh an buafhocal 'saobhruisc' lena ainm a chiallaíonn "ag gliúcaíocht", as a d'eascair an leasainm freisin; "Ninnidh leth derc". Tá Cnoc Ninnidh ar chladach theas Loch Éirne Uachtair.

Roimh 1450 ní luaitear ainm na barúntachta seo, ach luaitear an talamh mar luath-dhaingean Chlann Mhig Uidhir, leis na Mac Maghnuis, cineál de Chlann Mhig Uidhir bunaithe anseo.

Liosta de na príomhlonnaíochtaí cuir in eagar

Liosta na bparóistí sibhialta cuir in eagar

Anseo thíos tá liosta de na paróistí sibhialta [3] i gCnoc Ninnidh:

Tagairtí cuir in eagar