Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh Iaráin - Iaráic
Íomhá
Cineálcogadh
war of aggression (en) Aistrigh
ionghabháil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMurascaill na Peirse Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGulf War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse22 Meán Fómhair 1980 - 20 Lúnasa 1988
Dáta na bliana22 Meán Fómhair 1980 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Iaráin, An Iaráin
an Iaráic, An Iaráic
Murascaill na Peirse Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leiscúiseanna iolracha Cuir in eagar ar Wikidata

Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]

1980 cuir in eagar

 
Cogadh Iaráin - Iaráic - 22 Meán Fómhair 1980 - Tehran

Tháinig Saddam aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic, an Poblacht Ioslamach nua, a bunaíodh an bhliain roimhe sin.

1988 cuir in eagar

Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[4], an cogadh is faide sa 20ú haois, a mhair beagnach deich mbliana.

Cuireadh tús le UNIIMOG seachtain roimh an sos comhraic foirmiúil a chuir deireadh leis an gcogadh. Imscaradh an misean, a bhí comhdhéanta de 350 breathnóir, feadh teorann na líne scortha lámhaigh a bhí 800km ar fhad. I Mí Deireadh Fómhair, cuireadh díorma pearsanra míleata Éireannach de 37 leis an misean, chomh maith le cúig oifigeach déag a bhí ag fónamh mar bhreathnóirí.[5]

 

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Iran-Iraq War | Causes, Summary, Casualties, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  2. "United States support for Iraq during the Iran–Iraq War" (as en) (2020-09-19). Wikipedia. 
  3. "Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Report". archive.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  4. Mícheál Bréartúin. "Ar Deoraíocht sa Bhaibealóin: Sleachta as dialann na hIaráice". Feasta 53 (2), 1 Feabhra 2000 lch 17-19. http://www.feasta.ie/bunus/cartlann.html Curtha i gcartlann 2018-07-16 ar an Wayback Machine
  5. "Misin sa Mheánoirthear" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-09-22.