Fearadh an Cogadh Tríocha Bliain san Eoraip idir na blianta 1618 agus 1648. Bhí sé ar ceann de na príomhchogaí sa Nua-aois Luath. Throid teaghlach na Hapsburg (na hImpirí Ferdinand II agus III agus Pilib IV na Spáinne) le namhaid idirnáisiúnta éagsúla, ina measc fórsaí na Fraince, na Sualainne, na Danmhairge agus na hÍsiltíre. Cogadh idirnáisiúnta a bhí ann, ach bhí se ina chogadh cathartha i measc na nGearmánach féin. Throid prionsachtaí na Gearmáine ar son agus i gcoinne na Hapsburg. D'fhéadfá a rá go raibh sé ina chogadh reiligiúnach idir Caitlicigh agus Protastúnaigh fosta.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh Tríocha Bliain
European Wars of Religion (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh agus cogadh creidimh
Dáta23 Bealtaine 1618
Áitan Eoraip Láir
TírAn Impireacht Naofa Rómhánach
CúisBohemian Revolt (en) Aistrigh
Rannpháirtithean tSualainn, Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe, Ríocht na Fraince, Denmark–Norway (en) Aistrigh, Lands of the Bohemian Crown (en) Aistrigh, Electoral Palatinate (en) Aistrigh, Toghthóireacht na Sacsaine, Brandenburg-Prussia (en) Aistrigh, Diúcacht Brunswick-Lüneburg, Ríocht Shasana, Ríocht na hAlban, Principality of Transylvania (en) Aistrigh, An Impireacht Naofa Rómhánach, Impireacht na Spáinne agus Ríocht na hUngáire

Cúlra cuir in eagar

Síníodh Síocháin Augsburg sa bhliain 1555 agus tugadh aitheantas oifigiúil don Liútarachas san Impireacht Naofa Rómhánach. Níor tháinig deireadh leis an aighneas idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh, áfach. Ní raibh muinín acu as a chéile. Bunaíodh Léig Chaitliceach faoi cheannas Maximilian I na Baváire agus Aontas Protastúnach faoi cheannas Fheardorcha V.

An Bhoihéim cuir in eagar

 
Cath an tSléibhe Bháin

Thosaigh an cogadh sa Bhoihéim sa bhliain 1618. D'éirigh na Boihéamaigh amach i gcoinne na Hapsburg agus ceapadh Feardorcha V, toghdóir na Pailitíne mar rí orthu. D'éirigh go maith leis an éirí amach ar dtús, ach ghabh na Spáinnigh agus an Léig Chaitliceach, maraon le Liútaraigh na Sacsaine, le Ferdinand II. Ar an 8 Mí na Samhna 1620 fearadh Cath an tSléibhe Bháin láimh le Prág. Throid arm 25,000 fear de chuid Fherdinand I faoi cheannas Karel Boneventura Buquoy, agus airm na Léige Caitlicí faoi Johan Tzerclaes Cúnta Tilly, i gcoinne 20,000 Bóiméach agus amhas faoi Christian Anhalt ag Bíla Hora.

Chruinnigh ceannaire na mBóihéimeach, Christian Anhalt, a chuid shaighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar an gcnoc (Bílá Hora sa tSeicish, Weißer Berg sa Ghearmáinis, nó an Sliabh Bán ag dúnadh bhóthair Phrág ar Tilly. Ionad maith cosanta a bhí acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.

I gcampa Tilly an oíche sular tugadh an cath, tháinig sagart Caipisíneach, an tAthair Doiminic, i láthair chomhairle na gceannairí le pictiúr d’Áradh na nAoirí a bhí loite ag na Protastúnaigh, rud a chur fearg ar na saighdiúirí Caitliceacha. De réir thuairiscí áirithe ba é an sagart a ghríosaigh na ceannairi chun cath a thabhairt an mhaidin dár gcionn in ainneoin neart an fhreasúra ina n-ionad inchosanta ar an gcnoc os cionn an bhóthair.

Le moch maidneachán lae d’ordaigh Tilly a chuid fear san ionsaí, dhreapadar an cnoc agus, tar éis dhá uair an chloig dianthroda, bhriseadar línte cosanta an namhad, agus ruaigeadh arm Annhalt.

I measc na saighdiúirí a fuair moladh speisialta ón Impire Ferdinand ar gheall ar a gcrógacht bhí an captaen Somhairle Mac Domhnaill a bhí i gceannas ar chomplacht muscaed i reisimint Verdugo. Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.

 
Jan Von Werth, Ginearál Gearmánach

Chuir sé deireadh le tréimhse Bóihéimeach an chogaidh. Agus arm na Boihéime briste, ghabh Tilly seilbh ar chathair Phrág agus tháinig deireadh leis an éirí amach. D’éalaigh Feardorcha agus a bhean chéile ón tír (as sin a fuair sé an leasainm Rí an Gheimhridh). Cuireadh seachtar is fiche de na huaisle a bhí i gceannas ar an éirí amach chun báis i gCearnóg an tSeanbhaile i bPrág.

De réir a chéile theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh fórsaí na Spáinneach an Phalaitín. B'ansin, agus fórsaí na bProtastúnach i riocht a mbuailte sa Ghearmáin, a tháinig an Danmhairg isteach sa chogadh.

An Phailitín cuir in eagar

Fearadh an chuid seo den chogadh ó 1621 go 1624. Dhein Feardorcha agus a chomhghuaillí iarracht an réigiún a athghabháil, ach níor éirigh go maith leo.

An Tréimhse Danmhairgeach cuir in eagar

Mhair an tréimhse seo ó 1625 go 1630. Bhí na Hapsburg ag dul ó neart go neart agus ní raibh na cumhachtaí móra idirnáisiúnta sásta leis seo.

Tháinig na Francaigh na Sasanaigh, na hÍsiltírigh agus na Danmhargaigh le chéile ina gcoinne. Rinne Christian IV, rí na Danmhairge ionradh, ach buaileadh a fhórsaí i gcoinne na Léige agus arm nua de chuid an impire faoi cheannas an condottiere Bóihéamach Wallenstein. D'eisigh an tImpire an Forógra Aisíoca, a thug cead do na Caitlicigh seilbh a athghabháil ar na tailte go léir a bhí caillte acu.

Chuir cumhacht Wallenstein imní ar prionsaí na hImpireachta agus cuireadh iallach ar an Impire é a bhriseadh as a phost agus líon na saighdiúirí san arm a laghdú.

An Tréimhse Sualannach cuir in eagar

Mhair an chuid seo den chogadh ó 1630 go 1634. Dhein Gustavus Adolphus, rí na Sualainne ionradh ar thuaisceart na Gearmáine. Níor chuir a chomh-Liútaraigh fáilte roimhe cé gur ghabh na Francaigh leis.

D'éirigh na Protastúnaigh buartha áfach nuair a scrios fórsaí na hImpireachta cathair Magdeburg. Ghabh Toghdóir na Sacsaine leis na Sualannaigh. Cuireadh an ruaig ar arm an impire i gcath Breitenfeld láimh le Leipzig.

Ghabh na Sualannaigh seilbh ar iardheisceart na Gearmáine. Bhí ar an impire iarraidh ar Wallenstein teacht ar ais mar cheannaire ar arm nua.

Fearadh cath ag Lützen, láimh le Leipzig, agus maraíodh Gustavus. Bhí eagla fós ar an Impire roimh Wallenstein agus d'fheallmharaigh captaen Sasanach in arm an impire é. Tháinig fórsaí an Impire agus arm na Spáinne le chéile agus faoi dheireadh cuireadh an ruaig ar na Suallannaigh i Nördlingen.

An Tréimhse Francach cuir in eagar

Idir 1634 agus 1648 a fearadh an chuid dheireanach den chogadh.

Tar éis Nördlingen tháinig deireadh leis an gcogadh idir an tImpire agus na prionsaí Gearmánacha a throid ina choinne. Síníodh Siocháin Phráig agus choinnigh na Protastúnaigh formhór na dtailte a bhí ina seilbh sa bhliain 1627. ní raibh na Francaigh agus na Sualannaigh sásta, áfach. Diaidh ar ndiaidh chuaigh airm na hImpireachta i laige. Ghabh na Francaigh seilbh ar an Alsáis agus cuid mhaith den Rheinland agus bhí ag éirí go maith leis na Sualannaigh sa Ghearmáin.

 
Síocháin Westfalen, Conradh Osnabruck

Síocháin Westfalen cuir in eagar

Bhí caibidlí ar siúl in Osnabrück agus Münster i Westfalen. Sa bhliain 1648, síníodh Síocháin Westfalen agus cuireadh deireadh leis an gcogadh.

Ar 30 Eanáir 1648, thángthas ar shocrú maidir le téarmaí Shíocháin Münster, trínar thug an Spáinn aitheantas foirmiúil do Phoblacht na hÍsiltíre mar stát neamhspleách. Is é seo an chéad cheann de na conarthaí a rinneadh sa bhliain 1648 ar a dtugtar Síocháin Westfalen i dteannta a chéile.[1]

 
Eoraip sa bhliain 1649

Fuair na Sualannaigh airgead, agus smacht ar iarthar Pomerania, Bremen agus Verden, agus fuair na Francaigh Alsace. Cuireadh deireadh le smacht an Impire ar phrionsaí na Gearmáine.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Síocháin Münster" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.

Féach freisin cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

  • Åberg, A. (1973). "Sweden’s Age of Greatness, 1632–1718". London: St. Martin's Press. 
  • Benecke, Gerhard (1978). "Germany in the Thirty Years War". London: St. Martin's Press. 
  • Luca Cristini, 1618-1648 la guerra dei 30 anni. volume 1 da 1618 al 1632 2007 (ISBN 978-88-903010-1-8)
  • Luca Cristini, 1618-1648 la guerra dei 30 anni. volume 2 da 1632 al 1648 2007 (ISBN 978-88-903010-2-5)
  • Gindely, Antonín (1884). "History of the Thirty Years' War". Putnam. 
  • Gutmann, Myron P. (1988). "The Origins of the Thirty Years' War". Journal of Interdisciplinary History 18 (4): 749–770. doi:10.2307/204823. 
  • Kamen, Henry (1968). "The Economic and Social Consequences of the Thirty Years' War". Past and Present 39: 44–61. doi:10.1093/past/39.1.44. 
  • Kennedy, Paul (1988). "The Rise and Fall of the Great Powers: Economic Change and Military Conflict from 1500 to 2000". New York: Harper Collins. 
  • Langer, Herbert (1980). "The Thirty Year's War". Poole, England: Blandford Press. 
  • Murdoch, Steve (2001). "Scotland and the Thirty Years' War, 1618-1648". Brill. 
  • Parker, Geoffrey (1984). "The Thirty Years' War". London: Routledge and Kegan Paul. 
  • Polišenský, J. V. (1954). "The Thirty Years' War". Past and Present 6: 31–43. doi:10.1093/past/6.1.31. 
  • Polišenský, J. V. (1968). "The Thirty Years' War and the Crises and Revolutions of Seventeenth-Century Europe". Past and Present 39: 34–43. doi:10.1093/past/39.1.34. 
  • Prinzing, Friedrich (1916). "Epidemics Resulting from Wars". Oxford: Clarendon Press. 
  • Roberts, Michael (1953, 1958). "Gustavus Adolphus: A History of Sweden, 1611–1632". 
  • Ward, A. W. (1902). "The Cambridge Modern History, vol 4: The Thirty Years War".  Curtha i gcartlann 2007-10-12 ar an Wayback Machine
  • Wedgwood, C.V.; Kennedy, Paul (2005). "Thirty Years War". New York: The New York Review of Books, Inc.. 
  • Wilson, Peter H. (2009). "Europe’s Tragedy: A History of the Thirty Years War". Allen Lane. 
  • (fr) Louis de Haynin, Un discours des guerres de Bohême depuis l'arrivée des Vallons, jusque après la mort déplorable de ce vaillant, prudent et généreux chef de guerre comte de Busquoy, Douai édition 1621
  • (fr) Louis de Haynin, Petit Mercure Vallon des guerres de Savoie et de Bohême, édition 1622
  • (fr) Louis de Haynin, Histoire générale des guerres de Savoie, de Bohême, du Palatinat et des Pays-Bas 1616-1627, édition 1628
  • (en) C.V. Wedgwood, The Thirty Years War, London, Jonathan Cape, 1938, ré-édition London, Pimlico, 1992.
  • (fr) Georges Pagès, La guerre de trente ans, 1939, réédition Payot, 1991.
  • (en) Geoffrey Parker, The Thirty Years' War, London, ed. Routledge and Kegan Paul, 1984, 340 p. (Traduction française : La guerre de Trente ans, Pairs, Aubier-Montaigne, coll. historique, 1987, 468 p.) NB :ouvrage classique
  • (fr) Victor L. Tapié, La Guerre de Trente Ans, Paris, Sedes, coll. Les cours de Sorbonne, 1989, 452 p. NB : ouvrage classique, qui continue à faire référence.
  • (de) Johannes Burkhardt, Der Dreißigjährige Krieg, Frankfurt/Main, 1992
  • (de) N. M. Sutherland, « The Origins of the Thirty Years War and the Structure of European Politics », in English Historical Review 107 (1992), S. 587-625 [Sutherland kritisiert die teilweise eindimensionale Betrachtung des Dreißigjährigen Krieges als primär deutscher Krieg.]
  • (fr) Georges Livet, La Guerre de Trente Ans, collection « Que sais-je ? », PUF, 1Teimpléad:Er octobre 1994 ISBN 2-13-045988-9
  • (de) Friedemann Bedürftig, Taschenlexikon Dreißigjähriger Krieg, Taschenbuch, 261 Seiten, Piper 1998
  • (fr) Henry Bogdan, La Guerre de Trente Ans, Perrin, 12 septembre 1999 ISBN 2-262-01069-2
  • (de) Gerhard Schormann, Dreißigjähriger Krieg. 1618-1648, Stuttgart, 2001
  • (de) Georg Schmidt, Der Dreißigjährige Krieg, 6. Aufl., München: Beck, 2003 ISBN 3-406-49034-4
  • (fr) Henri Sacchi, La Guerre de Trente Ans, Paris, Éditions L'Harmattan, coll. Chemins de la mémoire, 2003, Nouv. éd. corr.NB : À ce jour, l'étude la plus complète en français sur la Guerre de Trente Ans
  • (fr) Yves Krumenacker, La Guerre de Trente Ans, Ellipses, 2008. NB: ouvrage commode, le plus récent sur la question. Bonne bibliographie sur les divers aspects du conflit. ISBN 978-2-7298-3952-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar