Bhris Cogadh Yom Kippur amach an 6 Deireadh Fómhair 1973, nuair a d’ionsaigh na Siriaigh (le meithleacha ón Iaráic, ó Iordáin, ón Araib Shádach agus ó Mharacó) fórsaí Iosraelacha in Arda Golan, agus ag an am céanna, d’ionsaigh an Éigipt iad feadh na Canála Suais.[1][2]

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh Yom Kippur
coinbhleacht Arab-Iosraelach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh
Ainmnithe in ómósYom Kippur
Dáta1973
ÁitCanáil Suais, Arda Golan, Leithinis Síonáí agus An Meánoirthear, Leithinis Síonáí agus Arda Golan
RannpháirtitheIosrael, an Éigipt, an tSiria, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Pakistan Air Force (en) Aistrigh, Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, Yitzhak Hofi, Saad el-Shazly, David Elazar, Haim Bar-Lev, Mustafa Tlass, Moshe Dayan, Israel Tal, Ahmad Ismail Ali, Muhammad Abd El-Ghani El-Gamasy, Ali Aslan, Benny Peled agus Shmuel Gonen
Cronologia

I ndiaidh beagnach trí seachtaine de chomhrac, inar cailleadh timpeall 21,000 duine,[3] comhaontaíodh sos comhraic an 22 Deireadh Fómhair - cé gur lean fórsaí Iosraelacha an Ginearáil Sharon orthu i mbun ionsaithe go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

An tSíocháin cuir in eagar

 
Arda Golan

Scoir fórsaí Iosrael agus na Siria ó Arda Golan trí chomhaontú nuair a tháinig deireadh le Cogadh Yom Kippur.[1]

Ar an 25 Deireadh Fómhair, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le rún ag údarú fórsa síochánaíochta éigeandála - Dara Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe (UNEF II agus UNDOF in Arda Golan).

In Arda Golan, imscaradh an Fórsa go dtí limistéir deighilte atá 80 km ar fhad agus idir 10km agus 1km ar leithead.

D'aontaigh Rialtas na hÉireann le hiarratas chun trúpaí de chuid na Náisiún Aontaithe a chur ar fáil. Ba é an bealach ba thapúla chun fórsa a chur isteach sa réigiún ná meithleacha a bhí in UNFICYP (an Chipir) cheana féin a aistriú ann. Tarraingíodh Grúpa Coisithe 25 amach as an Chipir, sula raibh sé socraithe síos fiú, agus seoladh é go Caireo.

 
Sinai

Cuireadh 130 trúpa breise as Éirinn le meitheal na hÉireann agus chuaigh siad i mbun dualgais i bhFásach Síonáí. Tar éis sé mhí, tháinig Grúpa Coisithe 26 in ionad Ghrúpa Coisithe 25 ar cuireadh tuilleadh trúpaí leis, agus nach raibh ach ag socrú síos nuair a bhí ar Rialtas na hÉireann beagnach gach duine dóibh a tharraingt amach i mBealtaine 1974, de bharr forbairtí tromchúiseacha in Éirinn ag an am (na Trioblóidí).

Iarmhairtí cuir in eagar

Shocraigh tíortha a tháirgeann peitriliam (Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam nó ETOP) táirgeadh an pheitriliaim a laghdú 5% sa mhí ar an 17 Deireadh Fómhair, agus onnmhairiú chuig roinnt tíortha iartharacha a laghdú nó a thoirmeasc. Bheartaigh ETOP praghsanna peitriliam a mhéadú go mór.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Misin sa Mheánoirthear" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-10-06.
  2. Ivan Minnis (2004-06-18). "Coimhlint sa Mheán-Oirthear (An Gúm)" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-10-06.
  3. TAIRSEACH 10 - Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (2017). "An Cogadh Sé Lá, agus Iosrael agus an Phalaistín inniu". Dáta rochtana: 2020.