Cogadh na hIaráice
Cogadh na hIaráice
Dáta: 20 Márta 2003 – 18 Nollaig 2011
Áit: An Iaráic
Toradh: Neamhchonclúideach
Céilí comhraic
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Ríocht Aontaithe
An Astráil
An Pholainn
Peismearga
An Iodáil
An Ísiltír
An Iaráic
Ceannasaithe
Ayad Allawi
Ibrahim al-Jaafari
Qusay Hussein
George W. Bush
Ricardo Sanchez
George W. Casey, Jr
David Petraeus
Raymond T. Odierno
Lloyd Austin
Barack Obama
Tommy Franks
Donald Rumsfeld
Robert Gates
Tony Blair
Gordon Brown
David Cameron
John Howard
Kevin Rudd
Traian Băsescu
Ion Iliescu
Saddam Hussein
Izzat Ibrahim ad-Douri
Qusay Hussein
Uday Hussein
Abid Hamid Mahmud
Ali Hassan al-Majid
Barzan Ibrahim al-Tikriti
Taha Yasin Ramadan
Tariq Aziz
Mohammed Younis al-Ahmed
Slua
309,000 375,000
Taismigh
Básanna: 17,690
Gortaithe: 40,000+
Básanna: 10,800

Coinbhleacht armtha ba ea Cogadh na hIaráice a thosaigh ar 20 Márta 2003 nuair a rinne na Stáit Aontaithe agus a chomhghuaillithe ionradh ar an Iaráic. Cuireadh deireadh le réimeas Saddam Hussein go díreach ach lean an cogadh ar aghaidh le blianta fada.

Deir daoine áirithe go tháinig deireadh leis an cogadh sa bhliain 2007, nó 2011. Ach tharla coimhlintí eile dá bharr (go háirithe 'War in Iraq' 2013–2017)[1] agus bhí na Stáit Aontaithe sáite sa chogaíocht sa bhliain 2021 fós.

Maraíodh 100,000 sibhialtach, ar a laghad, idir 2003 agus 2007 ,,, is dócha i bhfad níos mó. De réir PLOS, fuair 405,000 bás, díreach agus indíreach, idir 2003-2011.[2][3][4]

Cúlra cuir in eagar

I ndiaidh dó cogadh a throid sna 1980idí i gcoinne na hIaráine, rinne Uachtarán na hIaráice Saddam Hussein, ionradh ar Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[5]

Bhí an t-ionsaí sa bhliain 2003 mar chuid den 'chogadh 'in éadan na sceimhlitheoireachta' de chuid an Uachtaráin George W. Bush mar dhea, agus 'freagairt' ar ionsaithe 11ú Meán Fómhair. Bhí sé dearbhaithe ag Bush agus a chomhghuaillí sa bhliain 2003 go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic (tháinig sé chun solais níos déanaí gur bréag a bhí ann) agus nach mbeadh aon leisce ar Saddam iad a dhíriú ar na gcomhghuaillí nó lucht an Mheánoirthir.

Chuir Rúnaí Cosanta SAM, Donald Rumsfeld, amach go raibh airm ollscriosta san Iaráic sa bhliain 2002-2003, rud nach raibh fíor, ach scaip na ráflaí ina loscadh sléibhe. Ba leor an neamhaird a thug Saddam Hussein ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe, a úsáid mar leithscéal don ionradh sa bhliain 2003..

Mhaígh Tony Blair fiú sa bhliain 2003 go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí.[6] Cúpla bliain íos déanaí, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, a dúirt i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, is gur chuma.[7]

Dúirt Amy Goodman,[8] “Ar feadh sé seachtaine roimh an ionradh ar an Iaráic, bhí an leathchuid de Mheiriceánaigh i bhfách leis agus an leathchuid eile ina éadan: as an 393 agallamh a cuireadh ar dhaoine ar na cainéil mhóra teilifíse, cuireadh agallamh ar thriúr a bhí in éadan dul isteach. Triúr as beagnach 400." Bhí na meáin, mar sin, ag gríosú daoine chun na cogaíochta,[8]

 
Rumsfeld sa Phentagon i mí Aibreáin 2005 ag tabhairt faoi fheachtas, "America Supports You" in éineacht le Spiderman agus Captain America

Cogadh cuir in eagar

Ba é plean na Stát Aontaithe seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus 'síol an daonlathais' a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. Ach ní raibh sé ag súil le cogadh cathartha, ar feadh roinnt mhaith blianta, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "War in Iraq (2013–2017)" (as en) (2021-07-07). Wikipedia. 
  2. Amy Hagopian, Abraham D. Flaxman, Tim K. Takaro, Sahar A. Esa Al Shatari, Julie Rajaratnam, Stan Becker, Alison Levin-Rector, Lindsay Galway, Berq J. Hadi Al-Yasseri, William M. Weiss, Christopher J. Murray, Gilbert Burnham (15 DFómh 2013). "Mortality in Iraq Associated with the 2003–2011 War and Occupation: Findings from a National Cluster Sample Survey by the University Collaborative Iraq Mortality Study" (as en). PLOS Medicine 10 (10): e1001533. doi:10.1371/journal.pmed.1001533. ISSN 1549-1676. 
  3. "Casualties of the Iraq War" (as en) (2021-07-10). Wikipedia. 
  4. "Iraq Body Count". www.iraqbodycount.org. Dáta rochtana: 2023-12-13.
  5. ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  6. Póilín Ní Chiaráin (2016). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  7. Mícheál Ó hUanacháin (2016). "Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  8. 8.0 8.1 Robert McMillen (16 Lúnasa 2017). "‘Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-11.
  9. Brian Ó Broin (2006). "An gcuimhneofar ar 2007 mar bhliain an choinscríofa?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.