Coimhlint Iosrael–Gaza 2014

i gcoimhlint Iosrael–Gaza sa bhliain 2014, maraíodh 2,100̹̟+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoimhlint Iosrael–Gaza 2014
Íomhá
Map
 31°31′N 34°27′E / 31.52°N 34.45°E / 31.52; 34.45
Cineáloibríocht mhíleata de Fórsaí Cosanta Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGaza–Israel conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse8 Iúil - 26 Lúnasa 2014
Dáta na bliana2014 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhStráice Gaza
Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Ba chúis leis2014 Ben Gurion Airport flight bans (en) Aistrigh
international reactions to 2014 Gaza War (en) Aistrigh
media coverage of the 2014 Israel–Gaza conflict (en) Aistrigh
2014 Sarcelles riots (en) Aistrigh
Speeches given at the United Nations regarding the Gaza Conflict (2014) (en) Aistrigh
United Nations Fact Finding Mission on the 2014 Israel–Gaza conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básannaIosrael: 71 (15 Deireadh Fómhair 2014)
Stát na Palaistíne: 2,205 (15 Deireadh Fómhair 2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe10,626 (4 Eanáir 2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid
Ollscrios i mBeit Hanoun.  Grianghraf ar 5 Lúnasa 2014

Cúlra cuir in eagar

I mí Aibreáin 2014, bhí an sprioc am a bhí socruithe ag Meiriceá d'Iosrael agus don Phalaistín le comhaontú síochána a bheith déanta sa Meán Oirthear caite gan aon réiteach a bheith déanta.[2]

Foréigean seicteach agus fánach cuir in eagar

Ar 12 Meitheamh 2014,  fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[3] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[4]). Dúirt rialtas na hÉireann ag an am, “Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”[5]

Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go n-imreofar an lámh láidir ar Phalaistínigh mar gheall ar an ionsaí. Ar 8 Iúil 2014, chuir Iosrael tús le hionsaithe aeir agus talún ar stráice Ghaza.[6] Sa chogaíocht a lean, maraíodh 2,100+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1] Tharla ionsaithe gan ábhar is cosúil, sárú ar chearta an duine.[7]

Fógraíodh an Éigipt sos comhraic don chéad uair ar 14 Iúil.[8]

Thosaigh cainteanna idir Iosrael agus Hamas i gCaireo ar 12 Lúnasa.[9] D'fhógair Iosrael ar 19 Lúnasa go raibh sos lámhaigh thart.[10] Stop na hionsaithe faoi dheireadh ar 26 Lúnasa 2014.

Níos déanaí cuir in eagar

Níos déanaí, ar 18 Samhain 2014, maraíodh ceathrar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim.[11] Bhí gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt. Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.

In Éirinn cuir in eagar

Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[12] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  2. "Mícheal Ó hUanacháin Tráchtaire ar ghrathaí an Mheán Oirthir." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  3. "2014 kidnapping and murder of Israeli teenagers" (as en) (2020-06-10). Wikipedia. 
  4. "Kiryat Arba" (as en) (2020-04-13). Wikipedia. 
  5. Department of Foreign Affairs (2014). "Ráiteas ón Tánaiste maidir le triúr déagóirí as Iosrael - Ráiteas ón Taoiseach maidir le triúr déagóirí as Iosrael a maraíodh sa Bhruach Thiar - Department of Foreign Affairs and Trade" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  6. "Treasa Ní Cheannabháin, Dlúthpháirtíocht na Pailistíne." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  7. AFP. "Israeli soldiers' testimony: 'The instructions were clear in Gaza - shoot anyone you see'" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  8. "Frank Reidy, Saineolaí Míleata." (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  9. "Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí & Cearta Daonna" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  10. "Frank Reidy, Saineolaí Míleata" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  11. "6 maraithe agus 8 gortaithe in Iarúsailéim" (as ga) (2014-11-18). 
  12. "An Phailistín aitheanta mar stát ag Éirinn" (as ga) (2014-12-11).