Is mamach beag é an coinín. Tá níos mó ná caoga speiceas éagsúla coiníní agus giorriacha ann. Tá coiníní, piocaí, agus giorriacha san ord Lagomorpha, le coiníní agus giorriacha amháin san fhine Leporidae. Laistigh de na Leporidae, tá deich ngéineas ann; cuimsíonn an géineas Lepus na giorriacha, agus de ghnáth tugtar coinín ar na speicis sa naoi ngéineas eile. Dá bharr sin, ní clád tacsanomaíochta iad na coiníní.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCoinín
Leporidae Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdLagomorpha
FineLeporidae Cuir in eagar ar Wikidata
Fischer von Waldheim, 1817

Tá coiníní ina gcónaí ar fud an domhain. Bíonn siad ina gcónaí ina dteaghlaigh agus itheann siad glasraí agus féar. Sa dúiche fhiáin, bíonn coiníní ina gcónaí i bpoill a thógann siad dóibh féin ar a dtugtar rapacha. Tá an t-ainm coinicéar ar scata coiníní ina gcónaí le chéile. Tá cáil ar choiníní as a bheith ag bocléim agus ag ithe cairéad.[1]

Tá tréimhse iompair timpeall 31 laethanta ag coiníní. Is féidir 12-13 coiníní óga a bheith ag an mbaineannach, is annamh ál chomh mór le 18 nó chomh beag le ceann amháin. Coimeádtar coiníní mar pheataí ag daoine áirithe. Tógtar coiníní feola freisin.

Mar gur creach d'ainmhithe eile iad coiníní, bíonn siad cúramach sa pháirc. Má bhraitheann siad contúirt, seasann siad ina staic agus faireann siad. Tá réimse radhairc an-leathan ag coinín, scanadh lastuas ina theannta sin. Is iad a naimhde ná sionnaigh agus madraí; béir, racúin, minceanna, easóga agus nathracha. Tógann éin chreiche coiníní uaireanta. Bíonn daoine ag scaoileadh coiníní freisin. Ritheann siad chuig a bpoill, ina bhfuil tá siad slán sábháilte go hiondúil.

Tá struchtúr sóisialta casta acu agus, mar mhadraí, tá ordlathas acu. Bíonn coiníní sona nuair a sheasann a gcluasa. Nuair a shileann a gcluasa síos, níl siad ar a suaimhneas.

Tagairtí cuir in eagar

  1. noticenature.ie. "Coinín - An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-01. Dáta rochtana: 2020.