Píosa ceoil ina ndéantar codarsnacht idir grúpa beag gléasanna (dhá veidhlín is dordveidhil, de ghnáth) agus ceolfhoireann iomlán téide. Shaothraigh Corelli is Handel an coinséartó mór barócach, le 4 ghluaiseacht nó níos mó, ag leibhéal an-oirirc. Ina dhiaidh sin chuaigh sé i léig i bhfabhar an choinséartó. Rinne cumadóirí áirithe, cosúil le Bloch, an coinséartó mór a thabhairt ar ais sa 20ú céad le saothair sa bhfoirm bharócach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Coinséartó mór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.