Modh réamhstairiúil chun boghta a thógáil. D'úsáidtí sraitheanna cloch tirim, céimnithe de réir a chéile i dtreo an láir go dtagadh chomh gar dá chéile gurbh fhéidir iad a thrasnú le leac amháin (an chloch dín). Tá samplaí suntasacha i Sí an Bhrú agus i Maes Howe in Albain. I Mícéine na Gréige tá boghta coirbéalta ó timpeall 1300 RC a dtugtar Ciste Aitréas air, le cruinneog 14.5 m ar trastomhas is 13 m ar airde, agus is é an seomra aonréise is leithne atá ar eolas a tógadh roimh Phaintéón Haidrian sa Róimh.[1]

Coirbéaladh

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Coirbéaladh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.