Is éard is coirloscadh ann ná maoin a chur trí thine d'aon turas. Cé go mbaineann sé le foirgnimh go hiondúil, is féidir an téarma a úsáid freisin nuair a chuirtear rudaí eile trí thine, mar shampla mótarfheithiclí, báid, nó fiú foraoisí. De ghnáth, rangaítear an coirloscadh mar fheileonacht, agus gearrtar pionós níos déine nuair a chuirtear daoine i gcontúirt. Má tharlaíonn bás mar thoradh ar an gcoirloscadh, is féidir an ciontóir a chúiseamh i ndúnmharú nó i ndúnorgain. Is minic gur calaois árachais is údar le eachtraí coirloiscthe.[1][2] Sna cásanna seo, cuireann duine a mhaoin féin trí thine, ansin insíonn sé nó sí bréag faoi chúis na tine chun airgead a bhailiú ó pholasaí árachais.[3]

Eachtra coirloiscthe in Kyoto na Seapáine

Tugtar coirloisceoir ar dhuine a dhéanann coirloscadh. De ghnáth, úsáidtear luathaitheoir (mar shampla peitrealceirisín) chun tinte a adhaint, a thiomáint, agus a stiúradh, agus is cuid thábhachtach d'imscrúduithe dóiteáin é iarmhair ó shubstaintí den sórt seo a bhrath agus a aithint.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Arson”. FindLaw. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 5, 2019. Dáta rochtana: January 4, 2019.
  2. StackPath” (December 13, 2010). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 27, 2021. Dáta rochtana: November 23, 2020.
  3. Fraud Proved – Lie About Cause Of Fire Sufficient to Support Guilty Verdict”. FBI. Dáta rochtana: 2024-03-05.
  4. "Analysis and interpretation of fire scene evidence" (2004). Boca Raton: CRC Press. ISBN 978-0849378850. OCLC 53360702.