Cois Bá

bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath

Is bruachbhaile in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath é Cois Bá[1] (Béarla: Bayside). Tá sé suite ar chósta thuaidh Bhá Bhaile Átha Cliath idir Cill Bharróg agus Cill Fhionntáin, agus é sa chríoch ag Baile Dúill. Tá an Bulla Thuaidh le feiceáil amach ó chósta Chois Bá.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCois Bá

Suíomh
Map
 53°23′19″N 6°08′24″W / 53.38865°N 6.13994°W / 53.38865; -6.13994
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilFine Gall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde2 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie127010

Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Contae Fhine Gall.

Bunaíodh an ceantar sna 1970í. Ceantar cónaitheach é agus tithe dhá urlár ann den chuid is mó, iad leathscoite nó lochtánach, agus gairdíní tosaigh agus cúil acu. Tá stáisiún DART ann (Stáisiún Chois Bá), a osclaíodh ar an 11 Meitheamh 1973.

Is í an bhunscoil Scoil Mhuire agus Iósaf an t-aon scoil amháin sa cheantar.

Tagairtí cuir in eagar