Is í an naoú litir den aibítir oghaim an Coll,[1] ainmnithe as an gcrann, coll. Is í an ceathrú litir den Aicme Uatha. Is é [k] a luach foghraíochta.[2]

Bosca Sonraí GraiféimColl

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < tinne Cuir in eagar ar Wikidata   ceirt Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Gaolta is ea an focal le collen na Breatnaise, agus corulus na Laidine. Fréamhaithe is ea é ón Ghaeilge Chianach *koslas, agus sa deireadh ón bPróit-Ind-Eorpais *kos(e)lo-.

Briathar oghaim cuir in eagar

Is iad a leanas na nónathanna meafaracha d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:

  • caíniu fedaib (is caoine crann) i mBriatharoghaim Morainn mac Moín
  • carae blóesc (cara blaoscanna (cnó)) i mBriatharoghaim Maic ind Óc
  • milsem fedo (is milse crann) i mBriatharoghaim Con Culainn

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 coll ar eDIL
  2. McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806. 


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P