Is é Colombo an chathair is mó i Srí Lanca, tír oileánda san Áise Theas. Tá Colombo lámh le Sri Jayawardenepura Kotte, príomhchathair oifigiúil na tíre, agus áirítear é mar fo-bhaile de Cholombo. Is é Colombo lár trádálach, airgeadais agus cultúrtha Shrí Lanca. Tá calafort tábhachtach ann. Sa bhliain 2005 bhí 752,993 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 5.6 milliún i mórcheantar na cathrach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilColombo
කොළඹ (si) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 6°55′N 79°50′E / 6.92°N 79.83°E / 6.92; 79.83
StáitSrí Lanca
Province of Sri Lanka (en) AistrighWestern Province (en) Aistrigh
District of Sri Lanka (en) AistrighColombo District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán752,993 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús20,175.73 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deWestern Province (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla37,321,728 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Kelani agus an tAigéan Indiach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist00000–09999 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód011 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincmc.lk Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Mar gheall ar an gcalafort breá nádúrtha, d'fhás lonnaíocht ann fada siar. Bhí eolas ag na trádálaithe agus daoine eile ar Cholombo 2,000 bliain ó shin, ón Róimh go dtí an tSín. Bhí Colombo ina phríomhchathair ag na tíortha coilíneacha ag tosnú sna 1700idí faoi na Portaingéalaigh, a raibh cuid de chósta thiar an oileáin faoina smacht. Choimeád na hOllannaigh an phríomhchathair in Colombo nuair a ghlac siad seilbh ar choilíneacht na bPortaingéalach. Rinne na Briotanaigh an rud céanna nuair a chuir siad an tír faoina smacht sa bhliain 1815. Mhair an stádas mar phríomhchathair faoin rialtas neamhspleách go dtí an bhliain 1982.

 
Halla Chomhairle Chathrach Cholombo
 
Teampall Gangarama i gceantar uirbeach Cholombo

Naisc sheachtracha cuir in eagar