Baint idir dhá chineál orgánach a mbaineann an dá chineál sochar aisti. Uaireanta, úsáidtear an téarma i gcásanna ina bhfuil gaol riachtanach amháin i bhfeidhm, nuair nach féidir le ceachtar den dá chineál maireachtáil gan an ceann eile. Is comharaíoch an gaol idir seangáin bhána is na prótasóin a mhaireann ina bputóga. Is amhlaidh a dhíleánn na prótasóin an ceallalós san adhmad, ag cur na gcothaitheach ar fáil do na seangáin bhána. Ar a seal, faigheann na prótasóin comhshaol oiriúnach cosanta is soláthar bia.[1]

Comharaíocht

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comharaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 162.