Sa réalteolaíocht, is éard is cónasc[1][2] ann ná ailíniú dhá rinn neamhaí mar a fheictear iad ón Domhan (mar shampla, pláinéad leis an nGrian). Bíonn na pláinéid lasmuigh, atá níos faide amach ón nGrian ná muid, i gcónasc nuair a luíonn siad díreach taobh thiar den Ghrian. Bíonn dhá shaghas cónaisc ag Mearcair is Véineas, na pláinéid atá níos gaire don Ghrian ná muid. Bíonn siad i gcónasc íochtair[3] nuair a luíonn idir an Domhan is an Ghrian, agus i gcónasc uachtair[4] nuair a luíonn díreach taobh thiar den Ghrian. I ngach cás, tarlaíonn an cónasc ag an nóiméad a bhíonn an dá rinn ag an domhanfhad neamhaí céanna.[5]

Comhchuingiú

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “conjunction — Aistriúchán Gaeilge ar conjunction (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-20.
  2. “conjunction” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  3. “inferior conjunction” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  4. “superior conjunction” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  5. Hussey, Matt (2011). "Comhchuingiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.