Comhdháil Chaitliceach na hÉireann

Tréimhse fhéinrialtas na hÉireann idir 1642 agus 1649, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag ab ea Comhdháil Chaitliceach na hÉireann ̪nó Caitlicigh Chomhdhála,[1] Confederate Ireland, nó Irish Catholic Confederation). I gcaitheamh an ama seo, bhí dhá thrian d’Éirinn á rialú ag an Chomhdháil, a bhí lonnaithe i gCill Chainnigh. Ba iad uaisle Caitliceacha na hÉireann, cléirigh agus ceannairí míleata a bhunaigh í tar éis Éirí Amach 1641.

Bosca Sonraí EagraíochtaComhdháil Chaitliceach na hÉireann
Sonraí
Cineáltír stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1642
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1652 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Throid Caitlicigh na Comhdhála i gcoinne arm Cúnantóirí Albanacha agus Parlaiminteoirí Sasanacha in Éirinn ó 1641 go dtí 1649. Ó thaobh na polaitíochta de, chuaigh siad i leith chúis na Ríogaithe, ach bhí siad idir dhá chomhairle maidir le cabhair mhíleata a thabhairt dóibh i gCogadh Cathartha Shasana.[1]

Tar éis do Shéarlas I Rí Shasana bás a fháil faoi lámh na bparlaiminteoirí buacha, ba go brúidiúil a cuireadh éirí amach Lucht na Comhdhála faoi chois le linn choncas Chromail ar Éirinn.

Tugadh talamh Éireannach mar íocaíocht don Mhodh-Arm Nua, rud a chuir deireadh leis an tseanaicme talún Chaitliceach den chuid ba mhó.[1]

Ardeaglais Naomh Cainneach

Eagar comhraic cuir in eagar

 
bratach dheasghnách

Cuireadh Comhdháil Chaitliceach na hÉireann le chéile tar éis éirí amach 1641, chun an éirí amach a raibh tóir air a rialú agus chun iarracht chogaidh na gCaitliceach Éireannach a eagrú i gcoinne arm Shasanach agus na nAlbanach a bhí fágtha in Éirinn. Bhíothas ag súil go bhféadfaidís athghabháil na Sasanach nó nAlbanach á chur siar.

 
bratach chatha

Ba iad an t-easpag Caitliceach, Nicholas French, agus an dlíodóir darb ainm Nicholas Plunkett a chuir an tionscnamh na Comhdhála ar bun. Chuir siad a gcuid moltaí i leith rialtais chuig uaisle Caitliceacha na hÉireann mar an Bíocunta Gormanston, Risteard de Buitléir, 3ú Bíocunta Mountgarret agus Donnchadh Mac Cárthaigh, 1í Iarla Chlann Chárthaigh & 2ú Bíocunta Muskerry. Gheallfadh na fir seo a bhfórsaí armtha féin don Chomhdháil agus chuir siad ina luí ar reibiliúnaithe eile a bheith páirteach ann.

Bhí aidhmeanna dearbhaithe na Comhdhála cosúil le haidhmeanna an Tiarna Fhéilim Rua Uí Néill, ceannaire na gcéimeanna luatha den éirí amach i gCúige Uladh, a d’eisigh Forógra Dhún Geanainn i mí Dheireadh Fómhair 1641.

 
Giovanni Battista Rinuccini

Bhí parlaimint ag an gComhdháil (ar a dtugtar An Tionól Ginearálta), feidhmeannach (ar a dtugtar An Chomhairle Uachtarach), agus arm. Gheall an t-arm dílseacht don rí Séarlas I.

Bhí airm a bhí dílis do na na ríogaithe, do na pharlaiminteoirí nó do Chúnantóirí na hAlban i measc na hiamhchríocha eile a bhí faoi smacht na bProtastúnach i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan agus gCúige Laighean. Le linn dó a bheith ann, d'fhógair an Chomhdháil cogadh i gcoinne na bparlaiminteoirí.

Nuinteas an Phápa cuir in eagar

Sa bhliain 1645, bhí Ardeaspag Fermo, Giovanni Battista Rinuccini mar Nuinteas an Phápa in Éirinn. Chuir an Pápa Innocent X é chun cabhrú le Caitlicigh na Comhdhála in Éirinn ina gcomhraic i gcoinne riail na bProtastúnach Sasanach agus 'chun saoirse a bhaint amach don chreideamh Caitliceach', mar a chreid sé. Mar chomrádaí taistil, bhí Rinuccini i gcomhluadar Déan Fermo, Dionisio Massari. Choimeád Massari dialann dá chuid taistil.[2]

An ruaig cuir in eagar

Sa bhliain 1647,

Sa bhliain 1648, chuaigh na Comhdhála i gcomhpháirt leis na Ríogaithe.

Sa bhliain 1649, rinne arm na bparlaiminteoirí faoi Oilibhéar Cromail ionsaí ar Éirinn. Chuir sé an ruaig ar an Chomhdháil agus na ríogaithe agus chuir sé deireadh leis an gChomhdháil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 pleanala.ie. "OIDHREACHT CHULTÚRTHA". Dáta rochtana: 2022.
  2. Cella de Fréine (2002). "I gComhluadar Kafka". Comhar 62 (3): 5. doi:10.2307/25574342. ISSN 0010-2369.