Comhiompar i screamh an Domhain

Ís éard atá i gceist le comhiompar i screamh an Domhain ná feiniméan fisiciúil ina shnámhann na plátaí teicteonacha de screamh sheachtrach an Domhain ar an maintlín. Tá sruthanna comhiompair ar siúl an t-am ar fad taobh istigh sa chroíleacán leachtach te. Gar don dromchla iompraíonn na sruthanna comhiompair seo an maintlín agus, ar a seal, na plátaí. I gcás go bhfo-dhuchtann pláta faoi phláta eile, tumann an pláta sin isteach sa mhagma leachtach. Ach ó anailísiú thiúchan na hocsaigine i gcarraigeacha is gloiní i laibhe cuid mhaith bolcán ar fud an Domhain, fuarthas leibhéil nárbh fhéidir a mhíniú ach trí ghlacadh leis go raibh an t-ábhar céanna sin ar dhromchla an Domhain nó grinneall na farraige uair amháin chun an ocsaigin a thógáil isteach ann. Is é an léargas ar an scéal go mbrúchtann an pláta, a slogadh 60 milliún bliain roimhe sin, b'fhéidir, mar laibhe as bolcáin. De réir dealraimh, tá screamh an Domhain á athchúrsáil go mall mall an t-am ar fad.[1]

Comhiompar i screamh an Domhain

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhiompar i screamh an Domhain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.