‘Séard is comhrá ann ná daoine ag caint le chéile (cumarsáid idir beirt nó níos mó).[1]

Comhrá
An dráma de chuid Brendan Beham, An Giall (SNG Drama i Ljubljana) agus dialóg iontach ann

Is annamh a labhraíonn daoine in abairtí iomlána. Déanann siad botúin ghramadaí. Athraíonn siad an chomhréir i lár abairte. Agus is cinnte nach mbaineann siad úsáid as lúibíní ina gcuid cainte, gan trácht ar leathstadanna.[2]

Lena chois sin ní bhíonn daoine gonta ná ábhartha; ní éiríonn leo scéal a insint gan céad scéal eile a tharraingt isteach agus gan míle tagairt a dhéanamh don aimsir.

Anuas air sin ar fad bíonn blas réigiúnda le sonrú ar chaint daoine go minic, nó stíl chainte a léireodh cén aoisghrúpa nó cén aicme shóisialta lena mbaineann siad, nó saintréithe pearsanta eile.[2]

Tá a lán saghsanna comhrá mar shampla....argóintí, leachtaí, comhrá rómánsúil, comhrá dáiríre, comhrá greannmhar, srl,

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. teanglann.ie (2024). "comhrá".
  2. 2.0 2.1 Alex Hijmans / tuairisc.ie (26 Feabhra 2024). "An chaint san fhicsean – bíonn blas ar an mbeagán".