Conaing mac Amhalaí

Rí Bhreá

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conaing mac Amhalaí (Sean-Ghaeilge Conaing mac Amalgado) (bás 742). Amhlaidh mac Conghalaigh (bás 718), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 728 go dtí 742.

Infotaula de personaConaing mac Amhalaí
Beathaisnéis
Bás742
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConghalach mac Conaing, Diarmaid mac Conaing Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAmalgaid mac Congalaig
SiblínDúnghal mac Amhalaí

Bhíodh achrann cathartha idir Uí Chonaing agus Uí Chearnaigh le linn na tréimhse seo. Bhí athair Chonaing, Amhalaidh, maraithe ag Cath Cheanannais in éadan Chonaill Ghraint (bás 718).[2] Insítear sna hannála gur mharaigh Cathal mac Néill Uí Chernaig sa bhliain 729 ach ní deirtear aon rud faoina cásanna.[3] Sa bhliain 737, tharla Cath Lía Ailbe i Maigh nAilbhe, Contae na Mí, idir an dá chlann. Bhuaigh Conaing in éadan Chathail mhic Aodha agus Chearnaigh mhic Fhógartaigh, agus mharaigh Cathal.[4] Sa bhliain 738, mharaigh Cearnach ag a mhuintir féin.[5]

Sa bhliain 742, tachtadh Conaing, ag an Ardrí Áed Allán (bás 743) de Cenél nEógain, más fíor an tuairisc i nAnnála Tiarnaigh. Tugtar an teideal regis Ciannachte dó ina thásc.[6][7]

Bhí mic Conaing, Conghalach (bás 778) agus Diarmaid (bás 786) ina ríthe Bhreá, fosta.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 718.3
  3. AU 729.4
  4. AU 737.4
  5. AU 738.3
  6. AU 742.7
  7. Annála Tiarnaigh, AT 742.5