Conair ghastraistéigeach

(Athsheolta ó Conair an bhia)

Cuid den córas díleáite a shíneann ón bhéal go dtí an t-anas is ea an chonair ghastraistéigeach, feadán ina n-ionghabhtar bianna roimh iad a dhíleá is a ionsú agus na fuíolltáirgí a eisfhearadh. .

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtConair ghastraistéigeach
Cuid decóras díleáite
Aitheantóirí
MeSHD041981
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch


Struchtúr cuir in eagar

Is féidir léi a bheith simplí, le hoscailt amháin don taobh amuigh mar atá i gcéalantrátaigh is plataiheilmintí, nó ina struchtúr casta le dhá oscailt mar atá i veirteabraigh. Sa dara cás, ionghabhtar an bia isteach sa bhéal agus eisfheartar an t-ábhar neamhchomhshamhlaithe tríd an anas. In an-chuid ainmhithe, roinntear an chonair go hanatamaíoch chun páirtscaradh (sna hinveirteabraigh cosúil le feithidí is ceifealapóid) nó scaradh iomlán (mar atá in ardveirteabraigh cosúil le mamaigh is éin) sna réigiúin a thálann einsímí difriúla is a ionsúnn táirgí difriúla díleáite.

Conair an duine cuir in eagar

Tá conair an duine bainte le baill bheatha go leor ː an t-éasafagas, an goile, an stéig bheag (an dúidéineam, an t-aoineán, agus an t-iléam),[1] an stéig mhór (an caochán, an aipindic, agus an drólann ardaitheach, thrasnach, íslitheach is shiogmóideach), agus an reicteam agus anas.

 
Anatamaíocht[2]

Stéig bheag cuir in eagar

Tarlaíonn an chuid is mó de dhíleá is ionsú na dtáirgí cothaithe, na vitimíní is na sreabhán (idir shreabháin ionghafa is iad sin a thál an chonair ghastraistéigeach féin) sa stéig bheag. Bíonn an stéig bheag timpeall 6 m ar fhad.

Stéig mhór cuir in eagar

Is sa stéig mhór a íonsúitear na leictrilítí is an t-uisce as an sreabhán a thagann isteach inti, chomh maith le sintéisiú vitimín K is cuid de vitimíní B, agus déanamh an fhaecais roimh é a eisfhearadh amach as an gcolainn. Bíonn an stéig mhór timpeall 1 m.

Reicteam cuir in eagar

Luíonn an reicteam i dteagmháil le dromchla peilbheach an tsacraim, pollann an scairt pheilbheach chun an chanáil anasach a dhéanamh, agus osclaíonn an chanáil seo ag an anas.

 
Galar athlasta putóige agus galar Crohn

Fadhbanna míochaine cuir in eagar

Buaileann fadhbanna míochaine éagsúla an stéig, ina measc coiliceam, coilítis, galar céiliach, dinnireacht, díbhéartaiclíteas, heirne, agus siondróm putóige greannaithí.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tugtar an phutóg ar an stéig freisin
  2. agriaware.ie. "Anatamaíocht". Dáta rochtana: 2023.
  3. Hussey, Matt (2011). "Conair an bhia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.

Naisc sheachtracha cuir in eagar