Concas na Normannach ar Shasana

Tharla Concas na Normannach ar Shasana sa11ú haois agus an Diúc Liam II na Normainne, nó Liam Concar. mar a bhí aithne air, i mbun.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConcas na Normannach ar Shasana
Íomhá
Cineálconquest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1066 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata


Concas na Normannach-1066

Bhí tionchar ollmhór ar Shasana ag cuid mhaith de na hathruithe a thug Liam Concar ar an saol tar éis dó teacht i gcoróin. Cruthaíodh uasaicme Normannach nua os cionn na Sacsanach dúchasach. Faoi 1086, bhí 80% de thalamh na ríochta faoi úinéireacht na Normannach.

Tugadh ísliú céime do na Sacsanaigh i gcúrsaí riaracháin, polaitiúla agus eaglasta chomh maith agus na Normannaigh ag glacadh na bpost ba thábhachtaí dóibh féin. Thairis sin, rinneadh teanga oifigiúil den Fhraincis, teanga dhúchais na Normannach agus fágadh teanga na Sacsanach, teanga an mhóraimh in áit na leathphingine, cé go ndearna Liam féin iarrachtaí é a fhoghlaim. Cheap Liam fear Iodálach darbh ainm Lanfranc, ina Ardeaspag ar Chanterbury, chun atheagrú a dhéanamh ar an eaglais i Sasana agus chun smacht na Normannach uirthi a chinntiú.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar