Galar tógálach dainséarach víreasach is ea an confadh a oibríonn ar an néarchóras. Zónóis atá ann, is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarConfadh
cuir in eagar
Cineálcentral nervous system viral disease (en) Aistrigh, Lyssavirus infection (en) Aistrigh, galar víreasach tógálach agus Rhabdoviridae infectious disease (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmrage (en) Aistrigh agus madra Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha agus tréidliacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaípairilis, hydrophobia (sign) (en) Aistrigh, bréagchéadfa, easuan, pian, crithfhuacht, urlacan, greannaitheacht, Hipirghníomhaíocht, tinneas cinn, pairéistéise, Eagla, stad cairdiach, respiratory arrest (en) Aistrigh, greannaitheacht, hypersalivation (en) Aistrigh, photophobia (en) Aistrigh, phonophobia (en) Aistrigh, méadú, méadú, mydriasis (en) Aistrigh agus fiabhras Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilpost-exposure prophylaxis (en) Aistrigh agus Milwaukee protocol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Tarchur pataigineachcontact transmission (en) Aistrigh agus animal bite (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CúisRabies virus Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachteinceifilíteas agus myelitis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A82.9, A82, A82.1 agus A82.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9071 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0205286 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB11148 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001334 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine220967 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKrabies-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD011818 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet770 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0034494 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:11260 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an confadh ar cheann de na galair zónóiseacha is marfaí ar domhan agus faigheann nach mór 60,000 duine bás gach bliain mar gheall air.[1]

Tá an confadh ar cheann de na galair is mó a chuireann eagla ar na daoine ar fud an domhain, nó nuair a thiocfaidh an galar chun solais ar an othar, ní bheidh le déanamh ach maolú ar a phianta roimh an mbás. Is féidir, áfach, an confadh a stopadh trí vacsaín a thabhairt dó sula n-aithnítear airíonna an ghalair air.

Micreagraf leictreonach.

An víreas cuir in eagar

 
Louis Pasteur ag tabhairt ionaclú in aghaidh an chonfaidh d'fhear

As greim na n-ainmhithe ionfhabhtaithe is mó a tholgtar an galar. Go bunúsach, bíonn an víreas le fáil go flúirseach i seile an ainmhí, agus is é an greim fiacla an bealach is fusa leis an tolgadh a fháil. Is minic a shíltear gur "madra mire" é gach madra a bhfuil confadh air, ach níl an scéal chomh simplí sin. Is féidir don ainmhí ionfhabhtaithe bheith marbhánta nó scanraithe freisin. An madra atá ag lí an duine go cairdiúil, is féidir dó a bheith ionfhabhtaithe chomh maith leis an madra mire, agus mar sin, tá sé ciallmhar gach teagmháil leis na madraí a sheachaint i dtíortha a bhfuil clú an chonfaidh orthu.

 
Louis Pasteur agus coiníní: instealladh an víreas iontu

Is dual don víreas confaidh an néarchóras agus an inchinn a ionsaí. Déanann an víreas a ascnamh ó na néaróga imeallacha i dtreo na hinchinne, agus nuair a bhainfidh sé amach an inchinn, tiocfaidh an bás sna sálaí aige go sciobtha. Sa bhliain 2005, d'éirigh leis an dochtúir Rodney Willoughby i Wauwatosa (in aice le Milwaukee) cailín óg darb ainm Jeanna Giese a tharrtháil, cé go raibh an cailín ag éileamh leis an gconfadh cheana féin, agus airíonna an ghalair le haithint uirthi. Bhain an Dochtúir Willoughby triail as cóir leighis de chineál nua a bhí bunaithe ar thámhnéal spreagtha - is é sin, tharraing an dochtúir támhnéal, cineál tromshuan, ar an gcailín le hí a choinneáil beo a fhad a bheadh an córas imdhíonachta ag tosú ag oibriú ar an víreas. Ar an drochuair, níor éirigh le haon dochtúir eile an mhíorúilt chéanna a chur i gcrích go fóill.

Bitheolaíocht cuir in eagar

Is iad na víris éagsúla den aicme Lyssavirus is cúis leis an gconfadh. Víris ARN is ea iad, is é sin, tá a gcuid géinte curtha i dtoll le chéile as aigéad ribeanúicléasach (ARN, nó RNA as Béarla). Tá géinte an duine comhdhéanta as aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN, nó DNA as Béarla). Is víris den aicme seo iad víreas Duvenhage, lyssavirus Astrálach na sciathán leathair, víreas Mokola agus víreas na sciathán leathair ó Lagos.

Bíonn na víris seo 180 nm ar fad agus 75 nm ar trastomhas, a bheag nó a mhór. I ndiaidh don víreas teacht isteach i sruth fola an othair, bainfidh sé amach an néarchóras agus tosóidh sé ag déanamh a bhealaigh i dtreo na hinchinne agus ag fairsingiú ar fud an orgánaigh. Bíonn an víreas le fáil go flúirseach sna faireoga seile, ionas gur féidir leis an othar an tolgadh a scaipeadh ar aghaidh.

Airíonna an Chonfaidh cuir in eagar

Míshuaimhneas, trithí, pairilis, cailliúint mothúchán, siabhráin is mearaí na hairíonna a bhaineann leis an gconfadh. Tá an galar marfach de ghnáth.

Eipidéimeolaíocht an chonfaidh cuir in eagar

An tIonfhabhtú cuir in eagar

Go teoiriciúil, is féidir le gach cineál mamach confadh a thógáil. Go praiticiúil, áfach, bíonn sé éagsúil ag ainmhithe difriúla. Is iad na cineálacha is mó priacail ná an madra, an sciathán leathair, an racún, an madra rua, an scúnc, an mac tíre, an bhó is an tarbh, an mongús (go háirithe an mongús buí) agus an cat. Is féidir leis an gcapall confadh a tholgadh chomh maith. Ón taobh eile de, is ar éigean a tholgfadh na creimirí - na francaigh, na luchóga agus a leithéidí - an galar seo. Cé gurb iomaí galar a bhíonn á scaipeadh ag na francaigh, ní bhíonn sé éasca confadh a thógáil uathu.

Bíonn an víreas le fáil i seile agus i néaróga an ainmhí thinn. Go tipiciúil, tagann an t-ionfhabhtú ó ghreim fiacla an ainmhí, ós rud é gur minic a bhíonn an t-ainmhí feargach foghach, agus an galar á chéasadh.

 

Ní hionann sin is a rá go dtarlódh a leithéid ag gach ócáid nó do gach ainmhí. Is féidir don víreas an duine a ionfhabhtú i bhfoirm aerasóil (deora beaga ar foluain san aer) tríd na seicne múcasacha. Sin é an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn daoine ag póirseáil leo thíos in uaimheanna faoi thalamh agus an t-aer trom le hanálú na sciathán leathair. Is féidir leis na sciatháin leathair an confadh a chur díobh gan oiread is airíonna an ghalair teacht orthu, agus mar sin bíonn siad ina n-iompróirí confaidh go minic. Tharla a leithéid an-chorruair freisin go bhfuair duine amháin an t-ionfhabhtú ó dhuine eile tríd an bpóg nó le linn na comhriachtana.

I ndiaidh an ionfhabhtaithe, rachaidh an víreas isteach sa néarchóras imeallach. Ansin, beidh sé ag oibriú roimhe i dtreo na hinchinne. Lena linn sin, ní bhíonn sé furasta a aithint go bhfuil an galar tolgtha, ach ón taobh eile de, tá sé indéanta i gcónaí an córas imdhíonachta a chur ag obair trí vaicsín nó glóbailin imdhíonachta a thabhairt don othar.

Nuair a bhainfidh an víreas amach an inchinn, tiocfaidh airíonna an ghalair chun solais, agus ní féidir an t-othar a tharrtháil a thuilleadh. Ansin, caithfidh an t-othar cúpla lá ag éileamh le heinceifilíteas (athlasadh inchinne) agus, uaireanta, le miailíteas (athlasadh chorda an dromlaigh) go bhfaighidh sé bás nuair a theipfidh an t-análú air.

 
Líon na ndaoine a fuair bás leis an ngalar sa bhliain 2012, in aghaidh an mhilliúin

Leitheadúlacht an Chonfaidh cuir in eagar

Faigheann timpeall 30,000 duine bás uaidh gach bliain, san Afraic is an Áise den chuid is mó[2]. Tá an confadh i láthair fós i measc ainmhithe allta ar mhór-ranna na hEorpa is Mheiriceá. Bíonn an confadh coitianta i measc na n-ainmhithe allta in áiteanna, ach is iad na madraí na hiompróirí is tábhachtaí san Áise, san Afraic agus ina lán réigiún i Meiriceá. Is é an racún príomhiompróir an ghalair i Meiriceá.

Is féidir leis na húdaráis sláinte feachtais vacsaínithe a eagrú lena chinntiú go mbeidh gach madra ar le duine ar leith é díonta ar an tolgadh. Ní bhíonn feachtais den chineál sin chomh héifeachtúil sin faoin tuath ná sna tíortha tearcfhorbartha. Is féidir, áfach, baoití vacsaíne a fhágáil sna coillte le súil is go slogfaidh na hainmhithe iad, agus tá an chuma ar an scéal gur féidir moill a chur ar an ngalar i measc na n-ainmhithe allta leis an gcleas seo.

Tá vacsaín nua (VRG) a rinneadh trí innealtóireacht mhóilíneach -an chéad cheann den déanamh sin a ligeadh amach sa chomhshaol - in úsáid chun an galar a chloí i measc na n-ainmhithe allta sin[3].

Bíonn sé daor, áfach, feachtais vacsaínithe a chur i gcrích, agus is féidir go dtaispeánfaidh anailís costais is tairbhe go bhfuil sé níos ciallmhaire, i gcás ar leith, ullmhú do shrianadh na ráige confaidh ná an ráig a chosc roimh ré.

 

Faigheann timpeall is 60,000 duine bás le confadh in aghaidh na bliana (2019), san Áise agus san Afraic thar aon mhór-roinn eile. Nuair a thosaigh na peataí ag éirí coitianta sa tSín, agus cuma an Iarthair ag teacht ar an saol ansin de bharr bhorradh na heacnamaíochta, ní raibh an confadh i bhfad ag teacht sna sálaí ag na madraí.

I Mí na Samhna 2006, chuir na húdaráis i mBeijing "polasaí aon mhadra amháin" i bhfeidhm le heipidéim an chonfaidh a chosc - is é sin, ní ceadmhach d'aon teaghlach ach aon mhadra amháin a bheith acu. Deirtear go bhfuil an India ar an tír is mó confaidh ar fud an domhain, ó bhíonn na madraí seachráin an-choitianta sna cathracha.

I dtús báire, ní bhíodh mórán confaidh le fáil sna Stáit Aontaithe ach amháin sa Deisceart, ach thiar sna seachtóidí, buaileadh na racúin sna stáit lár-Atlantacha agus oirthuaisceartacha le heipidéim. Inniu, tá an eipidéim seo ag teacht go hOhio. Maidir le Meániarthar na Stát Aontaithe, is iad na scúinc is mó a iompraíonn an galar ansin. Má dhearctar ar na Stáit Aontaithe go léir, áfach, gheofar amach gurb iad na sciatháin leathair an dainséar is mó do na daoine mar fhoinse ionfhabhtaithe.

Ceiliúrtar an Lá Domhanda Confaidh ar 28 Meán Fómhair gach bliain.[4]

Na hainmhithe cuir in eagar

Faigheann ainmhithe éagsúla é - an cat, an madra, an madra rua, an scúnc is a lán eile - agus ionfhabhtaítear daoine trí ghreamanna, scríoba nó leadhbanna ar scríoba ar an gcraiceann.

Na Sciatháin Leathair cuir in eagar

Físeán ː bhain sciathán leathair greim as an gcailín seo, a bhí ina codladh ag an am

Bíonn na sciatháin leathair ag scaipeadh an chonfaidh sa chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh agus Theas, ach ba in Oileán na Tríonóide sna hIndiacha Thiar a rinneadh an chéad dianstaidéar ar aistriú an ghalair ó na sciatháin leathair. Bhí sé de theist ar an Oileán san am go raibh an confadh an-choitianta ar na sciatháin leathair. Sna blianta 19325-1935, fuair 89 duine agus na mílte bás leis an gconfadh a tholg siad ó na sciatháin leathair - "an ráta mortlaíochta ab airde ba toradh riamh don chonfadh a tháinig ó na sciatháin leathair".

Go luath sa bhliain 1931, d'aithin an tréidlia H. Metivier an bhaint a bhí ag an gconfadh leis na sciatháin leathair. I Mí Mheán Fómhair 1931, tháinig an baictéareolaí J. L. Pawan ar chorpáin Negri - is é sin, lorg an víris chonfaidh - san inchinn ag sciathán leathair a bhí á iompar go haisteach. Sa bhliain 1934, chuir rialtas Oileán na Tríonóide agus Thobága tús le scéim a bhí dírithe ar líon na vaimpírí a ghearradh síos san oileán. Bhí vaimpírí le marú trí ghaistí a chur rompu, urchair a scaoileadh leo nó nimh a thabhairt dóibh, agus san am chéanna, bhí na bóithigh le cosaint ar na sciatháin leathair agus vacsaíniú saor in aisce le soláthar do na ba a bhí i mbaol.

An confadh in Éirinn cuir in eagar

Glactar leis go bhfuil Éire saor ón gconfadh ón mbliain 1903 anuas.[1] Ach tuairiscíodh confadh i bpeataí agus in ainmhithe fiáine ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas.

Is féidir teacht trasna ar scéalta faoi "mhadraí mire" agus faoin scaoll a chuir siad sa phobal i mbéaloideas na Gaeltachta (i saothar Sheáin Bháin Mhic Mheanman cuir i gcás). Dealraíonn sé mar sin go raibh an galar cuibheasach coitianta sna laethanta a bhí.

 
Othar a bhfuil confadh air, ón mbliain 1959.

I Mí na Nollag 2008, d'aithin na dochtúirí an chéad chás confaidh i dTuaisceart Éireann le 70 bliain anuas. Bean a bhí i gceist ar tháinig tinneas uirthi i ndiaidh di filleadh abhaile ón gcoigríoch.[5]

Vacsaíniú cuir in eagar

Ní mór pas peata a bheith ann don pheata a chruthaíonn go ndearnadh an t-ainmhí a vacsaíniú in aghaidh confaidh agus go bhfuil sé nó sí acmhainneach ar thaisteal.[6]

Ní mór gach madra, cat agus firéad a bheith vacsaínithe in aghaidh confaidh sula dtabharfar isteach go hÉirinn iad nó go tír ar bith eile san AE. Má tá amhras ar éinne go bhfuil confadh ar ainmhí, ní mór an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur ar an eolas láithreach, trí dhul i dteagmháil le hOifig Tréidliachta Réigiúnach an cheantair.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "Béim leagtha ag an Aire Creed ar an tábhacht atá le bheith airdeallach ar chonfaidh ar Lá Domhanda Confaidh 2019" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-09-28.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  3. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  4. "World Rabies Day" (en). Global Alliance for Rabies Control. Dáta rochtana: 2022-09-28.
  5. "First Northern Ireland rabies case in 70 years" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-28.
  6. europarl.europa.eu (14-08-2019). "[europarl.europa.eu/news/ga/headlines/priorities/cosaint-agus-leas-ainmhithe/20180703STO07128/laethanta-saoire-ag-taisteal-le-do-pheatai-san-eoraip Laethanta saoire: ag taisteal le do pheataí san Eoraip]". Dáta rochtana: 2022.