Contae Ard Mhacha

contae in Éirinn

Is é Ard MhachaContae Ard Mhacha[1] (Armagh as Béarla) é an contae is lú ó thaobh achair de i dTuaisceart Éireann. Tá sé suite i ndeisceart Chúige Uladh. Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Ard Mhacha

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°21′00″N 6°39′17″W / 54.3499°N 6.6546°W / 54.3499; -6.6546
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairArd Mhacha Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán174,792 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús139.39 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,254 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch nEathach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh gCuillinn (573 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie100001

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúirí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.

Bailte i gContae Ard Mhacha cuir in eagar

 
Contae Ard Mhacha

Bailte fearainn cuir in eagar

Baruntachtaí cuir in eagar

Paróistí cuir in eagar

Cultúr cuir in eagar

Tíreolaíocht cuir in eagar

Stair cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar