Cory Booker

polaiteoir Meiriceánach

Polaiteoir Meiriceánach is ea Cory Anthony Booker a rugadh ar 27 Aibreán 1969. Is ball den Pháirtí Daonlathach é. Bhí sé ina mhéara ar Newark, New Jersey ó 2006 go 2013. Seanadóir sóisearach ó New Jersey atá ann ó 31 Deireadh Fómhair 2013 i leith.

Infotaula de personaCory Booker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1969
54 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2023 –

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2021 – 3 Eanáir 2023

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2021

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2015 – 3 Eanáir 2017

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
31 Deireadh Fómhair 2013 – 3 Eanáir 2015
← Jeffrey Chiesa

Toghcheantar: New Jersey Class 2 senate seat (en) Aistrigh

38 Méara Newark, Nua-Gheirsí
1 Iúil 2006 – 31 Deireadh Fómhair 2013
← Sharpe JamesLuis A. Quintana (en) Aistrigh →
Comhairleoir
1998 – 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stanford - céim bhaitsiléara (–1991)
Northern Valley Regional High School at Old Tappan (en) Aistrigh (–1987)
Ollscoil Stanford - céim máistreachta (–1992)
The Queen's College (–1994)
Scoil Dlí Yale - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–1997)
Northern Valley Regional High School at Old Tappan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus dlí
Suíomh oibre Washington, D.C.
Newark, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Spáinnis
Spórtpeil Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Stanford Cardinal football (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
11 Lúnasa 20202020 Democratic Party presidential primaries (en) Aistrigh
Future of Health Summit 2022 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbooker.senate.gov Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2490944 Facebook: corybooker Twitter: CoryBooker Instagram: corybooker LinkedIn: corybooker Youtube: UC6FlymqNS1VettnVZa7goPA TikTok: corybooker Cuir in eagar ar Wikidata

Óige agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Cory Booker in Washington, D.C. agus tógadh é in Harrington Park, New Jersey, 32 ciliméadar ó thuaidh ó Newark. Bhí a thuismitheoirí, Carolyn Rose (née Jordan) agus Cary Alfred Booker, ar na chéad Afra-Mheiriceánaigh ar feidhmeannaigh ag IBM iad. Rinne Cory a chuid meánscolaíochta ag an gcoláiste Northern Valley Regional in Old Tappan agus sa bhliain 1986 d'ainmnigh an nuachtán USA Today é mar bhall den Fhoireann Pheile Mheánscoile Uile-Mheiriceánach.

Ansin chuaigh Booker go hOllscoil Stanford, mar a bhfuair sé céim baitsiléara (BA) in eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1991 agus máistreas (MA) i seocheolaíocht an bhliain ina dhiaidh. Agus é ag déanamh staidéir ag Stanford, d'imir Booker peil Mheiriceánach na hollscoile úd.

Bronnadh scoláireacht Rhodes ar Booker agus rinne sé staidéar ag Coláiste na Banríona ag Ollscoil Oxford mar ar bhain se ceim onórach amach i stair na Stát Aontaithe. D'fhreastail sé ar Scoil Dlí Yale ansin agus bhain sé céim Juris Doctor amach sa bhliain 1997. Agus é ag Yale d'oibrigh sé i gclinic dlí le haghaidh daoine bochta i New Haven agus bhí sé gníomhach i gcumann na mac léinn gorm. Tá suim faoi leith aige sa Torah.[1]

A shaol sa pholaitíocht cuir in eagar

Chuir Booker faoi i Newark sa bhliain dheireanach aige ag Yale, a shúil ar shlí bheatha sa pholaitíocht ansin. Tar éis tréimhse ag obair mar dhlíodóir, toghadh Booker mar bhall den chomhairle baile i Newark. Thóg sé stailc ocrais ar feadh 10 lá mar agóid i gcoinne na ndíoltóirí drugaí. Chuir sé moltai os comhar na comhairle a bhain le daoine óga, tithíocht, póilíneacht agus gnéitheanna eile de shaol na cathrach ach theip air.

Méaracht Newark cuir in eagar

Ar 9 Eanáir 2002, in áit seasamh arís don chomhairle baile, d’fhógair Booker gurbh iarrthóir é d’oifig mhéara na cathrach. Thóg Sharpe James, méara na cathrach, feachtas garbh ina choinne ag rá nach raibh Booker “gorm go leor” le Newark a thuigbheáil.[2]Theip ar Booker ach fuair sé 47% de na vótaí.

Ar 11 Feabhra 2006 d’fhógair Booker arís go raibh sé ag seasamh d’oifig an mhéara i Newark. Rinne James amhlaidh ach 11 lá ní ba dhéanaí, d’éirigh sé as an toghchán le seasamh do sheanad stáit New Jersey agus ghlac Ronald Riz, cúntóir de chuid James, a áit san fheachtas méarachta. Bhailigh Booker $6 milliún dollar ar son a fheachtais féin, 25 uaire níos mó ná Riz, agus fuair sé an bua sa toghchán le 72% de na vótaí. Sheas Booker don dara téarma mar mhéara sa bhliain 2010. Atoghadh é agus 59% de na vótaí aige.

Cuireadh Booker in aithne do Mark Zuckerberg, bunaitheoir Facebook, ag dinnéar foirmeálta in Sun Valley, Idaho, i mí Iúil, 2010. Labhair Booker le Zuckerberg faoina chuid pleananna don chathair.[3] Ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna, chuaigh an bheirt acu ar The Oprah Winfrey Show in éineacht le Chris Christie, gobharnóir New Jersey. D’fhógair Zuckerberg go raibh sé le $100 milliún a thabhairt do chóras scoile Newark.[4]

An Seanad cuir in eagar

Ar 20 Nollaig 2012, d’fhógair Booker go raibh suim aige sa suíochán i Seanad na Stát Aontaithe a bhí i seilbh Frank Lautenberg, rud a chuir deireadh leis an tuairimíocht go mbeadh Booker ag dul i ngleic le Chris Christie i gcomhar post ghobharnóra New Jersey. Ar 11 Eanáir 2013 chuir Booker coiste ar bun le machnamh a dhéanamh ar fheachtas seanaid. Cé go dtagann siad ó pháirtithe difriúla glactar leis go bhfuil caidreamh maith ag Booker agus Christie lena chéile.

Mar a tharla, d’éirigh Lautenberg tinn, d’éirigh sé as a phost agus, i mí Mheithimh na bliana 2013, fuair sé bás. Fógraíodh toghchán sealadach don 16 Deireadh Fómhair 2013. D’fhógair Booker go raibh sé sa rás agus i nDeireadh Fómhar fuair sé an bua ar Steve Lonegan, an Poblachtach a sheas ina choinnne, 55% ar 44%. Booker an chéad Afrai-Mheiriceánach a toghadh riamh i New Jersey don Seanad. An oíche roimh an toghcháin thug Booker cuairt ar uaigh an Raibí Menachem M. Schneerson agus dúirt sé paidreacha agus las sé coinneal i gcuimhne a athar féin. Ghlac Booker mionn na hoifige sa Seanad an mhí chéanna.

 
An toghchán spesialta don tSeanad i New Jersey, 2013, baile ar bhaile. Fuair Booker an bua sna bailte is cathracha a bhfuil dath gorm orthu. Is beagnach ionann iad an crios gorm sa leath uachtair den léaráid agus an Piedmont, an réigiún is mó daonra i New Jersey.

Tháinig an toghchán rialta don Seanad bliain ina dhiaidh seo. An uair seo sheas Jeff Bell, comhairleoir polaitíochta coimeádach agus Poblachtach, ina choinne don suíochán. Fuair Booker an bua arís agus 55.8% de na vótaí aige, i gcoinne 42.4% do Bell.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar


Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe

AL: Shelby (P), Jones (D)
AK: Murkowski (P), Sullivan (P)
AZ: Sinema (D), McSally (P)
AR: Boozman (P), Cotton (P)
CA: Feinstein (D), Harris (D)
CO: Bennet (D), Gardener (P)
CT: Blumenthal (D), Murphy (D)
DE: Carper (D), Coons (D)
FL: Rubio (P), Scott (P)
GA: Isakson (P), Perdue (P)

HI: Schatze (D), Hirono (D)
ID: Crapo (P), Risch (P)
IL: Durbin (D), Duckworth (D)
IN: Young (P), Braun (P)
IA: Grassley (P), Ernst (P)
KS: Roberts (P), Moran (P)
KY: McConnell (P), Paul (P)
LA: Cassidy (P), Kennedy (P)
ME: Collins (P), King (N)
MD: Van Hollen (D), Cardin (D)

MA: Warren (D), Markey (D)
MI: Stabenow (D), Peters (D)
MN: Klobuchar (D), Smith (D)
MS: Wicker (P), Hyde-Smith (P)
MO: Blunt (P), Hawley (P)
MT: Tester (D), Daines (P)
NE: Fischer (P), Sasse (P)
NV: Cortez Masto (D), Rosen (D)
NH: Shaheen (D), Hassan (D)
NJ: Menendez (D), Booker (D)

NM: Heinrich (D), Luján (D)
NY: Schumer (D), Gillibrand (D)
NC: Burr (P), Tillis (P)
ND: Hoeven (P), Heitkamp (D)
OH: Brown (D), Portman (P)
OK: Inhofe (P), Lankford (P)
OR: Wyden (D), Merkley (D)
PA: Casey (D), Toomey (P)
RI: Reed (D), Whitehouse (D)
SC: Graham (P), Scott (P)

SD: Thune (P), Rounds (P)
TN: Alexander (P), Blackburn (P)
TX: Cornyn (P), Cruz (P)
UT: Lee (P), Romney (P)
VT: Leahy (D), Sanders (N)
VA: Warner (D), Kaine (D)
WA: Murray (D), Cantwell (D)
WV: Manchin (D), Capito (D)
WI: Johnson (P), Baldwin (D)
WY: Enzi (P), Barrosso (P)

Poblachtach (52) | Daonlathach (46) | Neamhspleách (2)