Cosc ar Alcól sna Stáit Aontaithe

Bhí Cosc ar Alcól sna Stáit Aontaithe ó 1920 go dtí 1933, le linn "Ré an toirmisc".[1][2] Achtaíodh an tOchtú Leasú Déag ar 16 Eanáir 1919 agus tugadh isteach toirmeasc ar dhíolachán agus dáileadh na ndeochanna meisciúla ar ar 17 Eanáir 1920 (idir an 30 Meitheamh 1919 agus an 16 Eanáir 1920, bhí an Wartime Prohibition Act i bhfeidhm).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCosc ar Alcól sna Stáit Aontaithe
Íomhá
Map
Cineálreachtaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 Eanáir 1920 - 5 Nollaig 1933
FógairtComhdháil na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Gníomhaí ag scriosadh fleascáin d'alcól (Chicago, 1921)

Rinneadh aisghairm ar an leasú sa bhliain 1933 agus mhair an toirmeasc go dtí 22 Márta 1933.

Gardaí i Detroit ag scrúdú fairis a bhí aimsithe acu i ngrúdlann fholaitheach, a bhí faoi thalamh, le linn ré an toirmisc.

Stair cuir in eagar

Déanann "Ré an toirmisc" tagairt don tréimhse seo i stair SAM nuair a rinne na húdaráis iarracht cosc a chur ar alcól. Bhí cosc ar dhíolachán agus fiú déantúsaíocht agus tomhaltas na ndeochanna meisciúla curtha i bhfeidhm de réir an Ocht Leasú Déag de Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Vótáil an Seanad ar son an leasú ar an mBunreacht don chéad uair ar an 1 Lúnasa 1917. Bhí eagraíochtaí reiligiúnach agus pholaitiúla ann ag lorg toirmisc a chur i bhfeidhm. Vótáil na Poblachtaigh agus na Daonlathaithe araon don leasú.

Spreag an Toirmeasc laghdú ar an ólachán[3]. Bhí ísliú suntasach ar líon na gcásanna ciorróise, mar shampla.[4]

Ag an am céanna, deirtear gur spreag sé breabaireacht i measc oifigigh péas agus rialtais. Seo aimsir na 'bootleggers' agus na drongadóirí, ar nós Al Capone agus Bugs Moran. Faoin bhliain 1927, bhí thart 30,000 síbín, no speakeasies, sa tír, líon dhá oiread níos mó ná an méid tithe tábhairne dleathacha a bhí ann roimh an Toirmeasc.

Chuir an Toirmeasc go suntasach le heacnamaíocht na dtíortha máguaird. Deirtear gur shábháil sé na Bahámaí ón chlisiúnas.

 
Gluaiseacht in aghaidh an Ólacháin ("Woman's Christian Temperance Union")

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. TGR. "Once upon a time in America". Dáta rochtana: 2021.
  2. centenaries.ucd.ie (2016). "Cosc ar Alcól". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Did Prohibition Really Work?", NIH.gov (2006), agus "Actually, Prohibition Was a Success" , NY TImes, (1989)
  4. German Lopez (2019-06-05). "Prohibition worked better than you think" (en). Vox. Dáta rochtana: 2021-01-16.