Trealamh meicniúil a ligeann d'inneall ceangal lena ualach (mar shampla, le rotha gluaisteáin) nó díscor uaidh, ach an t-inneall a bheith ag rith an t-am ar fad. Bíonn gá le crág nuair nach mbíonn airíonna cumhachta an innill oiriúnaithe d'airíonna cumhachta an ualaigh. Bíonn giarbhosca idir an t-inneall is an t-ualach chun gur féidir an crág a dhíscor agus giar eile a roghnú. I ngluaisteán is coitianta a úsáidtear í, pláta a chumhdaítear le hábhar le frithchuimilt ard mar a bheadh i gceapaire, idir teasc amháin atá ceangailte le roth lústair an innill is teasc eile atá ceangailte leis an ngiarbhosca.[1]

Crág

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Crág". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 177.