Críostóir Mac Thaidhg

iománaí agus imreoir peil Ghaelach

Is peileadóir Gaelach agus iománaí Éireannach é Críostóir Mac Thaidhg (Béarla: Christopher "Chrissy" McKaigue, a rugadh 13 Iúil 1989) a imríonn do Dhoire.

Infotaula de personaCríostóir Mac Thaidhg
Beathaisnéis
Breith13 Iúil 1989
34 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Astrálaí, imreoir peile Gaelaí, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtiomáint
peil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata

Imríonn Mac Thaidhg peil agus iománaíocht ar leibhéal club do CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néill. Is cosantóir sa pheil agus leatosaí san iomáint é.

Saol pearsanta cuir in eagar

Is as Sleacht Néill do Mhic Thaidhg. D'fhreastail sé ar Choláiste Naomh Pádraig i Machaire Rátha dá mhéanscolaíocht.

Gairm peile cuir in eagar

Club cuir in eagar

Bhain Mac Thaidhg an cluiche ceannais i Craobhchomórtas Peile Sinsearach Doire amach i 2008 le Sleacht Néill, ach bhuail Baile an Doire iad.

Idirchontae cuir in eagar

Bhí Mac Thaidhg ina leaschaptaen ar fhoireann Mionúr Dhoire a bhain an dara háit i Craobh Mionúr Uladh agus Craobh Mionúr na hÉireann i 2007. Níos luaithe sa bhliain chéanna bhain sé Sraith Peile Mionúr Uladh leis an chontae, agus thóg sé an corn mar chaptaen.

I 2008, bhain McKaigue cluiche ceannaos Craobhchomórtais Uladh Faoi 21 amach le foireann faoi 21 Dhoire, ach bhuail an Dún iad i ndiaidh dóibh cúl a scóráil.[1] Níos moille sa bhliain roghanaíodh é le himirt i bpainéal Sinsearach Dhoire roimh chluiche in éadan Muineachán sa chraobhchomórtais.[2] Tháinig sé ar an pháirc mar ionadaí sa chluiche sin, ag cugr tús lena ghairm Sinsearach peile le Doire agus scóráil sé pointe sa chluiche.

Bhí baint aige ó thús séasúr 2009 - ainmnníodh i bpainéil Corn Mhic Cionnaith , [3] an tSraith Náisiúnta [4] agus an chraobhchomórtas [5] . Bhain Doire amach cluiche ceannais an tSraith Náisiúnta amach, ach bhuail Ciarraí iad.

Rialacha idirnáisiúnta cuir in eagar

D'imir sé d'Éirinn dhá uair in eadán na hAstráile i Sraith Rialacha Idirnáisiúnta 2013.[6][7]

Onóracha cuir in eagar

Sleacht Néil
  • Craobhchomórtais Peile Sinsearach Uladh (3): 2014, 2016, 2017
  • Craobh Iománaíochta Club Sinsearach Uladh (2): 2016, 2017
  • Craobh Peile Sinsearach Doire (4): 2014, 2015, 2016, 2017
  • Craobh Iomána Sinsearach Doire (5): 2013, 2014, 2015, 2016, 2017

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Independent.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Irish News.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC Sport Online.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC Sport Online.
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC Sport Online.
  6. "Ireland 57-35 Australia". RTÉ Sport.
  7. "Ireland 116-37 Australia". RTÉ Sport.

Naisc sheachtracha cuir in eagar