Is éard atá i gceist le crann ná fás mór ard a bhfuil stoc is géaga is duilleoga air,[1] nó planda mór ilbhliantúil le gas amháin adhmadach féiniompartha a dtugtar an stoc nó an chabhail air.[2]

Crann aosta

Tréithe cuir in eagar

Fásann crann go hairde mhaith roimh chraobhadh amach chun an fhleasc dhuilleogach a dhéanamh. Cruthanna ilghnéitheacha ann, ó fhoirmeacha caola colúnacha go dtí foirmeacha a spréann i bhfad amach, agus is féidir le crann a bheith duillsilteach nó síorghlas.

  • Duillsilteach. Titeann na duilleoga ó na crainn duillsilteacha san fhómhar de ghnáth. Bíonn duilleoga leathan le dath murtallach ar na gcrainn duillsilteacha.
  • Síorghlas. Fanann na duilleoga ar na gcrainn buaircíneacha (crann síorghlas). Bíonn duilleoga caol ar nós dealga le dath galbánach ar na gcrainn buaircíneacha.

Is as an tamhan a fhásann na craobhacha. Bíonn an tamhan clúdaithe le coirt. Gach bliain, méadaíonn an tamhan. Fásann coirt nua air agus bíonn gach coirt níos leithne ná an ceann roimhe. Bíonn na coirteacha seo ar nós fáinní sa tamhan.

Glaoitear garrán nó coilleog ar áit in a bhfuil líon beag crainn ag fás ann. Má tá na céadta crann ann, glaoitear coill air. Má tá an coill ollmhór, glaoitear foraois ar na gcrainn sin. Glaoitear buinneán, failleagán nó fásán ar chrann óg.

Is féidir crainn a aicmiú ar go leor bealaí, mar shampla

  • Déchotailéadóin. I gcrainn dhéchotailéadónacha is ghimnispeirmeacha, fásann an crann in airde trí shíneadh na mbuinneán, agus timpeall trí chisil breise inrnheánacha fíochán a fhás.
  • Monacotailéadóin. I gcrainn mhonacotailéadónacha, baineann siad a dtimpeall iomlán amach mar shíolphlandaí, agus ina dhiaidh sin fásann in airde amháin.
  • Tá grúpaí eile ann, cosúil leis na raithní craobhacha a dhéanann foirmeacha crannúla.[2]

Éiceolaíocht cuir in eagar

Tá tábhachtach thar na bearta ag baint le crainn. Gan iad ní bheadh formhór na nithe beo ar domhan in ann maireachtáil in aon chor. Cuidíonn crainn le creimeadh a sheachaint nó a mhaolú. Súnn crainn agus plandaí dé-ocsaíd charbóin isteach agus scaoileann siad ocsaigin amach. Murach crainn, ní bheadh a dhóthain ocsaigin ar fáil do na nithe eile atá beo. Cónaíonn ainmhithe i gcrainn nó i scáth crainn. Tógann éanlaithe neadacha i gcraobhacha. Cónaíonn ioraí i bpoill i dtamhain na gcrann.

Úsáid cuir in eagar

Duilleoga bhuaircíneacha
Duilleoga ar chrann duillsilteach

Itear baill éagsúla an chrainn. Itheann daoine agus ainmhithe eile torthaí na gcrann amhail úlla, oráistí, bananaí agus araile. Itear cnónna freisin. Itheann feithidí agus ainmhithe na duilleoga.

Baintear feidhm as chrainn mar ábhar tógála. Déanann éanlaithe a neadacha le duilleoga agus géaga bídeacha. Leagann agus gearrann daoine crainn chun troscáin a dhéanamh. Gearrtar na crainn agus glaoitear adhmad ar an ábhar crua a fhaightear ón gcrann. Níl teorainn leis na mbealaí ar féidir feidhm a bhaint as adhmad.

Crainn in Éirinn cuir in eagar

Déantar cur síos cuimsitheach sa leabhar Crainn agus Toir,[3] le Máirín Uí Chonchubhair, ar chrainn na hÉireann: a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis; a dtábhacht mar shiombail an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis teacht na Normannach i leith.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: crann" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-03-14.
  2. 2.0 2.1 Hussey, Matt (2022). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. Máirín Uí Chonchubhair (2024). "Crainn agus Toir" (ga-IE). Crainn Agus Toir. Dáta rochtana: 2024-03-14.
  4. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-03-14). "Crainn agus Toir: cránaí leabhair a mbeidh an-tóir uirthi" (as ga-IE).