Gníomh cogaidh nó oll-ropaireachta is ea an creachadh, (dá ngairtear freisin; goid, slad agus argain), a eascraíonn as scriosadh agus gadaíocht ollmhór, agus éigniú ag gabháil leis go minic.

Foghail a dhéanamh ar an Hôtel de Castries le linn Réabhlóid na Fraince.
(musée de la Révolution française)

Dá réir sin, sonraíonn an nóisean seo gníomhartha sibhialta comhchosúla a d’fhéadfadh tarlú, ar scála níos lú, le linn tubaistí nádúrtha mar Hairicín Katrina, Cioclón Xynthia nó creathanna talún.

Faoi dheireadh, clúdaíonn looting nua-aimseartha anois réimsí na maoine intleachtúla, an eolais theicneolaíoch agus na hoidhreachta cultúrtha.

Stair cuir in eagar

An creachadh de réir cineáil cuir in eagar

Le linn tubaiste, uaireanta ní bhíonn na póilíní agus an t-arm deireadh a chur le creachadóireach nuair a bhíonn géarchéim dhaonnúil an chloch is mó ar a bpaidrín, nó nuair nach ní féidir iad a thoghairm mar gheall ar bhonneagar cumarsáide a ndearnadh damáiste dóibh. Go háirithe, le linn tubaistí nádúrtha, bíonn iallach ar dhaoine áirithe an rud nach leo féin a thógáil chun maireachtáil. Is minic gur aincheist do rialtais í conas freagairt dó seo, i gcás ina luíonn an líne idir "creachadh" neamhriachtanach agus "scroblachóireacht" riachtanach gar dá chéile.[1]I gcásanna eile, d’fhéadfadh rialtais glacadh leis an chreachadh nó fiú é a spreagadh ar chúiseanna polaitiúla nó ar chúiseanna eile. Is é is dóichí go nglacfadh ropairí leas as daoine eile a rinne na creachtaí agus dá réir is dócha ná a mhalairt go mbeadh na contúirtí a bhaineann leis an ngníomh méadaithe.

Tagairtí cuir in eagar