Tubaiste nádúrtha is ea crith talún, a tharlaíonn de bharr gluaiseacht na bplátaí teicteonacha faoi bhun mhaintlín an domhain, a tharchuireann sraith tonnta sa talamh[1]. Tarlaíonn crith talún nuair a scaoiltear fuinneamh as screamh an domhain i dtonnta seismeacha.[2] Bogann an talamh go tobann mar thoradh.

Teorainneacha dibhéirseacha
Creathanna talún

Tomhas cuir in eagar

Úsáidtear an Scála Richter le déine creathanna talún a thomhas. Déanann na seismeolaithe fuinneamh an bhunchrith talún a thomhas leis an scála Richter.

 
Úsáidtear an Scála Richter le déine creathanna talún a thomhas.

Mar shampla, i gcás an chrith talún a tharla i dtuaisceart California le linn sraith dhomhanda an daorchluiche i 1989, a raibh tomhas 6.9 ar an scála Richter aige, meastar gur scaoil sé an oiread fuinnimh le 30 milliún tonna d'ábhar pléascach, níos mó ná 1 0 n-oiread chumas pléasctha na mbuamaí uile a pléascadh sa dara cogadh domhanda.

Geolaíocht cuir in eagar

 
Tá imill an-ghníomhacha mórthimpeall an Aigéin Chiúin agus ar feadh líne ón Meánmhuir go dtí na Himiléithe is an tSín.

De ghnáth tarlaíonn creathanna talún is bolcáin ar feadh teorainneacha na bplátaí teicteonacha. Faoi bhun na bplátaí tá ciseal de chloch leáite atá téite ag croíleacán te an domhain. De réir mar a shreabhann an chloch leachtach le comhiompar teasa, iompraíonn sí na plátaí freisin.

Nuair a thagann dhá phláta le chéile go tapa, is amhlaidh a shleamhnaíonn dromchla pláta amháin faoi bhun an chinn eile (fodhuchtú).

Ina dhiaidh sin ó am go chéile, tarlaíonn sleamhnú faoi thalamh ar feadh éasclínte, agus is é seo a chuireann tús le crith talún.

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá na éasclínte seo ar imill na bplátaí teicteonacha agus na scoilteanna meanaigéanacha.

Tá imill an-ghníomhacha mórthimpeall an Aigéin Chiúin agus ar feadh líne ón Meánmhuir go dtí na Himiléithe is an tSín.

 
Droichead Medway, Christchurch 2010

Tubaistí cuir in eagar

Má bhíonn bunús nó airmheán crith talún gar don fharraige, féadfaidh sé tús a chur le tonn taoide sa bhfarraige, nó súimíní. Forleathann an tonn seo chomh tapa le luas forleata fuaime, agus féadfaidh sí a bheith fíormhillteanach do dhaoine is foirgnimh gar don chladach na mílte ciliméadar ón airmheán. Scaoileann crith talún méid ollmhór fuinnimh i bhfoirm na dtonnta seismeacha.

Háítí, 2010 cuir in eagar

Tharla crith talún i Léogâne, Háítí ar an 12 Eanáir 2010. Fuair 100,000 - 160,000 daoine bás. Ní raibh an crith talún ach 7.0 ar scála Richter.

Sichuan, 2008 cuir in eagar

Maraíodh 87,587 duine + ar an 12 Bealtaine 2008 i gcrith talún fíordhíobhálach i nDaon-Phoblacht na Síne (Sichuan). Bhain an crith talún 8.5 amach ar scála Richter

An Cholóim, 1999 cuir in eagar

25 Eanáir 1999: maraíodh thart ar 1,000 duine i gcrith talún sa Cholóim (Armenia).

San Francisco, 1989 cuir in eagar

18 Deireadh Fómhair 1989: crith talún i gcathair San Francisco (6.9 ar Scála Richter)

Spitak i dTuaisceart na hAirméine, 1988 cuir in eagar

7 Nollaig 1988: Meastar gur maraíodh idir 25,000-50,000 duine i gcrith talún i dtuaisceart na hAirméine san Aontas Sóivéadach. Ach ní raibh an turraing róláidir (6.8 ar an scála Richter) Ní raibh an tír réidh chun déileáil le creathanna, is cosúil.

Tangshan, 1976 cuir in eagar

28 Iúil 1976: Meastar gur maraíodh 242,000 duine ar a laghad i gcrith talún sa tSín. Leag an crith talún an chathair Tangshan.

Managua, 1972

23 Nollaig 1972: Scrios crith talún Managua, Nicearagua. Maraíodh 4-11,000 duine.[3]

 
Ardeaglais i dTóiceo, 1923

Tóiceo, 1923 cuir in eagar

Ba é an crith talún is mó dar tomhaiseadh riamh an crith talún ar luach 8.9 a bhuail Tóiceo na Seapáine, sa bhliain 1923, agus a mharaigh níos mó ná 100,000 duine trí leagadh foirgneamh nó na dóiteáin a lean é. Bhí an iliomad dóiteán ann, a scaipeadh ag na gaotha láidre, agus scriosadh sean-Tóiceó is Yokohama.

Valparaíso, 1906 cuir in eagar

16 Lúnasa 1906, fuair timpeall is 20,000 duine bás i gcrith talún i Valparaíso na Sile (Méid creatha talún: 8.2).

San Francisco, 1906 cuir in eagar

Maraíodh 3000 duine ar a laghad i gcrith talún i San Francisco sa bhliain 1906

Sanriku, 1896 cuir in eagar

15 Meitheamh 1896: Sa tSeapáin, cailleadh 27,000 i gcrith talún Sanriku, agus tháinig súnáaí ina dhiaidh.

Liospóin, 1755 cuir in eagar

1 Samhain 1755, bhuail crith talún Liospóin, sa Phortaingéil, & maraíodh 12,000+ … súnámaí a tháinig ina dhiaidh.

Shaanxi, 1556 cuir in eagar

23 Eanáir 1556: maraíodh thart ar 830,000 duine i gcrith talún sa tSín, i Shaanxi.

Liospóin 1531

26 Eanáir 1531: bhuail crith talún Liospóin, sa Phortaingéil. Maraíodh thart ar 30,000 duine.

 
Tar éis chrith talún San Francisco i 1906

Cuntais ar chreathanna san am a caitheadh cuir in eagar

Maidir leis na chéad thuairiscí ar na creathanna, sna cáipéisí luatha as Impireacht na Róimhe caitear na creathanna talún isteach sa chatagóir céanna le cineálacha eile tubaistí. Isteach leo leis an gcogaíocht, an cheannairc agus an ionradh. Na dátaí sin a luaitear le creathanna talún a tharla roimh AD 1000 níl siad cruinn, go háirithe i gcás na gcreathanna sin a tharla idir na blianta AD 500 agus AD 1000.

An chéad tuairisc a rinneadh ar chrith talún a tharla in impireacht na Róimhe, Livius a bhreac. Ag scríobh dó i mblianta deireanacha na chéad aoise RC, luann sé creathanna na bliana 461 RC: 'Bhain crith talún croitheadh fíochmhar as an talamh.' Déanann Livius, sa chuntas gonta seo dó, cur síos ar an an gcrith talún i gcomhthéacs na míorúiltí a tharla le linn na bliana sin. Is beag a scríobh sé faoin damáiste a tharla don chathair i bhfírinne seachas gur thit dealbha móra agus mar sin de.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011) - Fréamh an Eolais (Coiscéim)
  2. cogg.ie. "Creathanna Talún". Dáta rochtana: 2020.
  3.  USGS (September 4, 2009), PAGER-CAT Earthquake Catalog, Version 2008_06.1, United States Geological Survey