Is seoid staire de chuid na hÉireann í Cros Chonga[1] (nó Cross of Cong i mBéárla)[2]. Tá an bhachall (baculum i Laidin) deartha i stíl Cheilteach. Is féidir breathnú uirthi mar cheann de na seoda is mó ón ré.[3]

Tá an Chros Conga ina sheoda chomh hiontach sin go raibh Toirdhealbhach Ua Conchobhair, ard-rí ar Éirinn, ag léiriú a shaibhreas agus a chumhacht trína hordú.

Ealaí cuir in eagar

Léiriú is ea Cros Chonga ar an deireadh le traidisiún fada d’eachtaí miotalóireachta a bhain go sainiúil leis an Eaglais in Éirinn. Tá sí maisithe le réimse suntasach stíleanna.

Tá lár dara uirthi atá clúdaithe le plátaí de chré-umha teilgthe. Bhí clochchriostal mór leabaithe i lár an trasnáin mar chosaint don tais, nach maireann. Tá an clochchriostal leabaithe i bhfeiste chónúil ata timpeallaithe ag feire ata maisithe le híolagrán óir, niello agus bocóidí de ghloine ghorm agus bhán. Tá na plátaí cré-umha ar dhromchlaí na croise déanta le teilgeadh gréasoscailte agus iad maisithe le hainmhithe nasctha sa stíl Urnes ó Chríoch Lochlann.

Ainmníonn an inscríbhinn ar thaobhanna na croise Toirrdelbach Ua Conchobair mar phatrún agus Máel Ísú mac Bratáin Uí Echach mar cheardaí. Luaitear beirt eaglaiseach mhóra freisin. Tá an inscríbhinn, atá as Gaeilge, frámaithe ag dhá líne mar an gcéanna sa Laidin, a deir

‘leis an gcros seo, clúdaítear an chros as a d'fhulaing cruthaitheoir na cruinne’.

Stair cuir in eagar

Cruthaíodh an chros sa 12ú haois.[4] Choimisiúnaigh Toirdhealbhach Ua Conchobhair, ard-rí ar Éirinn, an chros a dhéanamh. Tá an bhachall ina sheoda chomh hiontach sin go raibh Ó Conchúir ag léiriú a shaibhreas agus a chumhacht trína hordú.

Rinneadh Cros Chonga in 1123 chun blogh den Fhíor-Chros a tugadh go hÉirinn a chumdach. Rinneadh í mar scrín do bhlogh den Fhíor-Chros a fuair Toirrdelbach Ua Conchobair Ard-Rí Éireann sa bhliain AD 1122, mar is eol ó fhoinsí scríofa.

Ansin cuireadh ar taispeáint í in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Lena húsáid i ndeasghnátha a ceapadh í cé gur ró-dhócha gur mar chros altóra is mó a úsáideadh í. Cros mhórshiúil is ea Cros Conga a bheadh á hiompar roimh ardeaspaig - bhí Ó Conchúir ag maíomh gur chóir go mbeadh a hardeaspag féin ag Connachta, rud nach raibh ag an am sin. Trí phátrúnacht a thabhairt don eaglais ar an mbealach seo, d'fhéadfadh an rí a bheith ag súil le tacaíocht ón eaglais dá mhianta polaitiúla.[5]

Aimsíodh an chros i sráidbhaile Conga Fheichín, Contae Mhaigh Eo. Tugtar "Cros Chonga" ar an gcros toisc go gcoimeádtaí í sa Mhainistir Agaistíneach a bhí ann ar feadh na céadta bliain.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Cros Chonga"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. nó "Bachall Bhuí" b'fhédir ?
  3. "Cros Conga | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  4. Irish Times / Fintan O'Toole. "100 Objects" (en). Dáta rochtana: 2020-05-20.
  5. "Cén Fáth a Rinneadh an Chros | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-05-20.