San anatamaíocht, aon spás taobh istigh den cheann nó ball colainne eile. Ceanglaíonn na cuasa atá ar thosach na haghaidhe os cionn na sróine le cuas na sróine féin, atá lán le haer agus líneáilte le heipitéiliam riospráide. Laghdaíonn siad meáchan na blaoisce, agus feidhmíonn mar sheomraí athshondacha i ndéanamh fuaime. Athraíonn cáilíocht an ghutha nuair a bhíonn slaghdán ar dhuine, rud a ionfhabhtaíonn na cuasa seo: líonann siad le sreabhán agus athraíonn a n-airíonna athshondacha go mór. Faightear na cuasa ionchráiniacha a bhíonn lán le fuil idir cisil den scannán seachtrach (an dura mater) a chlúdáionn an inchinn, agus draenálann siad an fhuil fhéitheach ón inchinn go dtí an fhéith chuingealach inmheánach. Úsáidtear an téarma cuas sa phaiteolaíocht freisin d'oscailt mhínormálta le bun dall ar dhromchla eipitéiliach.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCuas (anatamaíocht)
Aitheantóirí
FMA51235 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/sinus
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 190.