Culaith ar leith chomh maith le córas chun beatha a chothú do spásaire amuigh sa spás. Sa bhunchulaith, tá bríste le bróga ceangailte de, geansaí, caipín le micreafón is cluasáin i gcomhair cumarsáide, lámhainní, agus clogad le fuinneog thrédhearcach. Taobh istigh, caitheann an spásaire ball inmheánach éadaigh a chlúdaíonn an chuid is mó dá cholainn. Ritheann 90 m de phíobáin tríd sin chun uisce fuaraithe/téite a iompar agus an spásaire a choimeád compordach. Cuid mhaith ciseal san ábhar a ndéantar an chulaith as. Ar an taobh istigh tá éadromán chun an ocsaigin a choimeád sa chulaith. Timpeall air sin tá ciseal dacróin, fabraic láidir a choimeádann srian ar an éadromán faoi bhrú na hocsaigine. Timpeall air sin tá ciseal den phlaisteach Mylar ach é clúdaithe le ciseal alúmanaim chun teasdíonadh a sholáthar. Taobh amuigh de sin tá cisil eile d'uigí láidre mar chosaint ar radaíochtaí cosmacha is ultraivialaite agus micreadhreigeoidigh. Sa chóras cothaithe beatha, tá umair ocsaigine agus gaothaire le mótar chun an ocsaigin a shéideadh isteach sa chlogad. Tá rialtán ocsaigine ann is cartús de hiodrocsaíd litiam is gualach chun dé-ocsaíd charbóin a bhaint as an ocsaigin asanálaithe sa chóras. Tá néalaitheoir san imshruthú ocsaigine chun galuisce a bhaint aisti. Tá raidió, gléas rabhaidh, agus mála dí sa chóras freisin. Ar eagla na heagla, caitheann an spásaire maonairt chun a fhual a ghabháil. Léi seo, is féidir le spásaire timpeall 7 n-uaire a chaitheamh amuigh i dtimpeallacht chontúirteach spáis.[1]

Culaith spáis á chaitheamh ag an spásaire Meiriceánach Buzz Aldrin ar dhromchla na Gealaí

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Culaith spáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 193.