Cumann spóirt is ea Cumann Pheil na mBan a chuireann Peil Ghaelach na mBan chun cinn in Éirinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Peil Gael na mBan
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Stair na Peile cuir in eagar

Tá go leor dátaí luaite do bhunú chumann Peil Ghaelach na mBan. Tugann sé le fios dúinn ar shuíomh http://ladiesgaelic.ie go raibh léig pharóiste i gCorr an Chláir, i gContae an Chláir ag dul siar chomh fada le 1926. Glactar, go hoifigiúil áfach, gur thosaigh an Cumann in Óstán Uí hAodh, (Haye's Hotel) i gContae Thiobraid Árainn ar an 18 Iúil 1974. Seo an t-óstán céanna inar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael nócha bliain roimhe sin. Reáchtáladh an chéad Chraobh Seaimpíneach na hÉireann i bhfómhar na bliana 1974. Ghlac ocht gcontae páirt ann agus bhuaigh Tiobraid Árann.

Borradh ar an gCumann cuir in eagar

De réir a chéile mhéadaigh uimhir na gcontaetha a ghlac páirt. Thosaigh Cumann Peil Gael na mBan na Réaltaí Peile sa bhliain 1981. An bhliain ina dhiaidh sin, fuair siad aitheantas mar eagraíocht neamhspleách ó Chumann Lúthchleas Gael. Ag tús na nóchaidí, chláraigh contaetha nach raibh cláraithe go dtí sin leis an eagraíocht. Anois, tá mná ó chuile chontae in Éirinn ag imirt. Ní hamháin sin, ach tá peil na mban á himirt anois i Sasana, ar Mhór Roinn na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, agus san Áis (http://beijinggaa.yahoo.com[nasc briste go buan])

 

Struchtúr an Chumainn cuir in eagar

Tá struchtúr an Chumainn cosúil le Cumann Lúthchleas Gael sa mhéid is go bhfuil Clubanna, Comhairlí Cúige, Boird Chontae agus Comhairle Lárnach ann. Bíonn Ollchomhdháil bhliantúil ag an gCumann agus tagann ionadaithe ó na comhairlí go léir thuasluaite le chéile ar feadh deireadh seachtaine. Tagann ionadaithe ó na clubanna go léir ón tír seo agus ó chlubanna timpeall na cruinne freisin. Is ag an gcruinniú seo a thoghtar oifigí náisiúnta an chumainn gach bliain agus uachtarán gach trí bliana. Faoi láthair, is í Geraldine Giles uachtarán an chumainn.

Na Comórtaisí cuir in eagar

Tá os cionn cúig chomórtas déag á stiriú ag an gcumann in Éirinn amháin. Is é an club bun aonad an chluiche atá eagraithe, a mhórán nó a bheagán, ar bonn paróiste. Ansin tá foirne na gcontaetha déanta suas dona peiladóirí is fearr óna clubanna. Imríonn na clubanna agus na contaetha comórtas na seaimpíní ar leibhéil éagsúla;

  • Sinsir
  • Meánach
  • Sóisear
  • Mionúr
  • Faoi Aois (na haoisghrúpaí go léir faoi 17 síos go dtí 12)

Imrítear Craobh na hÉireann sa tsraith Seaimpíní ar an Domhnach deireanach do Mheán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh, ag a mbronntar Corn Bhreandáin Uí Mháirtín ar na seaimpíní sinsearacha agus Corn Óstán an Iarchontae ar na seaimpíní sóisearacha. Bíonn roinnt comórtaisí eile ar siúl i gcaitheamh na bliana: Léig sa gheimhreadh do fhoirne na gcontaetha,comórtas Idir Cúige agus comórtais dona Coláistí Tríú Leibhéil, Scoileanna Dara Leibhéil agus Bunscoileanna (Cumann na mBunscoileanna) Tá Oifigeach Forbartha i ngach contae a chabhraíonn le cur chun na peile ar leibhéal na scoileanna, na gclubanna agus ar fud an chontae. Is féidir dul i dteagmháil le haon duine dona hoifigí forbartha ach dul isteach i http://ladiesgaelic.ie.

An Ghaeilge sa Chumann cuir in eagar

Tá oifigeach forbartha teanga agus cultúrtha i ngach contae agus i ngach cúige in Éirinn agus sna clubanna thar lear freisin. D'éirigh leis an gcumann urraíocht a fháil ó TG4 sa bhliain 2000.Is ag TG4 amháin atá na cearta craolacháin bheo ar chluichí Peil Ghaelach na mBan.

Naisc sheachtracha cuir in eagar