Cumarsáid mhalartach breise

Modh cumarsáide a ceapadh chun cabhrú le daoine atá míchumasaithe go dian nach féidir leo labhairt nó scríobh i gceart. Córas formhéadaithe atá i gceist chun cur le gnáth-theanga. I gcórais eile baintear feidhm as teanga eile, lánéagsúil ó ghnáth-theanga. Samplaí de seo is ea teanga comharthaíochta, cláir siombailí, sintéiseoirí urlabhra, agus Braille. De réir cineáil, caitheann an t-úsáideoir gaireas, nó suíonn os a chomhair, ar a bhfuil litreacha, focail nó teachtaireachtaí, agus cuireann sé an eilimint chuí in iúl, ag baint úsáid as pé ball inghluaiste dá cholainn (cos, béal, mala nó eile) is féidir: á clóbhualadh, ag teagmháil léi, ag síneadh méire ina treo. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh sa réimse seo le forbairtí i dteicneolaíocht leictreonaice is ríomhaire.[1]

Cumarsáid mhalartach breise

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cumarsáid mhalartach breise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 194.