Dé-óid bheag leathsheoltóra a astaíonn solas nuair a ritheann sruth tríthi is ea dé-óid sholasastaíoch (DÓS) nó dé-óid astaithe solais.[1] Braitheann dath an tsolais astaithe ar an ábhar leathsheoltóra sa dé-óid. Úsáidtear na dé-óideanna seo mar shampla i léirithe ar áiritheoirí leictreonacha, agus san asléamh in uaireadóir digiteach.[2]

Dé-óidí solasastaíocha éagsúla

Tagairtí cuir in eagar

  1. “dé-óid astaithe solais” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dé-óid sholasastaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 207.