Córas talmhaíochta ar leith atá dírithe ar tháirgeadh bainne, de ghnáth ó bha ach i réigiúin áirithe ó ainmhithe eile: caoirigh, gabhair, geacanna, buabhaill is réinfhianna. Tá póir speisialta bó baineann — an freaslannach, an Ayrshire, is an gheirseog — agus póir atá go maith don bhainne is an mhairteoil, cosúil leis an ngearradharcach ó na Stáit Aontaithe. Tá an déiríocht coitianta i réigiúin mheasartha thaise mar a bhfásann féar go maith, ar féidir na ba a chur ag iníor amuigh sna páirceanna an chuid is mó den bhliain. I dtíortha teo coinnítear na ba istigh i rith na bliana, agus déantar fómhar foráiste le soláthar dóibh. Díolann an chuid is mó de na feirmeoirí déiríochta a gcuid bainne le comhlachtaí a dhéanann na táirgí déiríochta: im, cáis, uachtar, iógart, is bainne bearrtha. Tá sé mar pholasaí ag an Aontas Eorpach an táirgeadh a mhéadú ach líon na mbó a laghdú, agus cuireann sé seo an-bhrú ar fheirmeacha beaga, atá ag éirí níos domharthana le himeacht ama.[1]

WD Bosca Sonraí GairmDéiríocht
Cineál fostaíochta
feirmeoireacht ainmhithe


Feirm dhéiríochta sa Ghearmáin

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Déiríocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.