i réimse na taidhleoireachta, maolú ar theannas is ea détente, nó pholasaí an éideannais.

Sa bhliain 1975, tháinig na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha le chéile

Cásanna cuir in eagar

Cogadh Fuar cuir in eagar

Sna 1970idí, d'fhéach Brezhnev leis an naimhdeas idir an tAontas Sóivéadach agus an tIarthar a mhaolú trí pholasaí an éideannais. Tugadh Détente ar an fheabhas seo sa chaidreamh (cf. Earrach Phrág).

Sna 1970idí, Chuir NASA stáisiún spáis, Skylab, ag timpeallú an Domhain, b'fhéidir mar fhreagra ar Salyut, stáisiún spáis na Rúiseach. Sa bhliain 1975, áfach, agus ré an éideannais (détente) idir na mórchumhachtaí ag sroicheadh a buaicphointe, tháinig na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha le chéile thuas sa spéir, nuair a nascadh Apollo a hOcht nDéag agus Soyuz a Naoi nDéag le chéile - is é sin, ghreamaigh an dá shoitheach dá chéile agus osclaíodh bealach eatarthu. Níor chuir an teagmháil seo deireadh leis an gCogadh Fuar go fóill, ach spreag sí comhoibriú idirnáisiúnta spáis a chuaigh chun fairsingeachta ó shin i leith.

 
Richard Nixon agus Zhou Enlai, 1972

SAM agus an tSín cuir in eagar

Ar an 21 Feabhra 1970, thug Uachtarán Mheiriceá Richard Nixon cuairt ar Dhaon-Phoblacht na Síne:

Tagairtí cuir in eagar